An cinneadh a dhéanamh bogadh go hÉirinn le hobair a dhéanamh

Táimid anseo chun tacaíocht a thabhairt duit ar do thuras agus chun d’athlonnú a dhéanamh chomh simplí agus is féidir. D’fhéadfadh sé go mbeadh an chosúlacht air go bhfuil sé scanrúil bogadh go tír nua ach, lenár dtreoir, is féidir leatsa Éire a bheith agat mar an gcéad chéim eile ar do shlí bheatha.

An dteastaíonn cead oibre nó víosa uaim?

Níl cead fostaíochta nó víosa ag teastáil ó náisiúnaigh ón Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), ón Ríocht Aontaithe ná ón Eilvéis chun obair a dhéanamh in Éirinn. Tá éileamh mór ar mhorán post cúram sláinte taobh istigh de sheirbhís sláinte na hÉireann, mar sin fiú más iarratasóir ó thaobh amuigh den LEE, Ríocht Aontaithe nó an Eilvéis thú, is féidir go gcáileoidh tú do chead fostaíochta scileanna. Forálann na ceadanna scileanna seo freisin do do gharghaolta chun cónaí in Éirinn, agus do do chéile nó do pháirtí obair a dhéanamh gan gá le cead breise oibre. Mar shaoránach thú de thír nach bhfuil sa LEE nó sa Ríocht Aontaithe, beidh víosa ag teastáil uait freisin chun teacht isteach go hÉirinn. Chun do cháilitheacht chun obair in Éirinn a sheiceáil, féach anseo

Riachtanais ghairmiúla

Ní mór do dhochtúirí, altraí agus cnáimhseacha, agus gairmithe sláinte agus cúraim shóisialta, a bheith cláraithe ar dtús lena gcomhlacht gairmiúil sular féidir leo obair a dhéanamh i seirbhís sláinte na hÉireann.

Fostaíocht do do theaghlach

Le scór bliain anuas, tá geilleagar láidir agus fórsa saothair faoi bhláth i gcónaí ag mealladh níos mó gnólachtaí domhanda go hÉirinn, lena n-áirítear comhlachtaí cógaisíochta, sláinte agus eolaíochtaí beatha, seirbhísí airgeadais agus teicneolaíochta. Beidh neart deiseanna ann do do chéile nó do pháirtí fostaíocht a fháil anseo, is cuma an réimse a roghnaíonn siad.