Ár nDaoine i Seirbhísí CAMHS

5 nóiméad leis an Dr Tom Foley

 

Cén chaoi a dtosaíonn do lá?

Fágaim mo pháistí ag an scoil, agus ansin tiomáinim thar na cnoic áille isteach chuig ár n-oifig nua, díreach le ais na príomhshráide i mBun Cranncha (Dún na nGall). Tá radhairc ar Loch Feabhail, amach i dtreo an Atlantaigh taobh thiar díom agus Loch Súilí amach chun tosaigh. Bealach maith é sin leis an lá a thosú! An chéad duine lena mbuailim ná Sheila, ár gceannaire riaracháin, chun athbhreithniú a dhéanamh ar choinní atá ag teacht go luath agus le fáil amach céard eile atá ag tarlú inár seirbhís. Fágaim beagán ama le freagra a thabhairt ar aon ríomhphoist phráinneacha agus de ghnáth déanaim seiceáil isteach le baill eile dár bhfoireann le cásanna a phlé. Más í an Mháirt atá ann, beidh cruinniú den fhoireann uile againn, ach seachas sin, téimid isteach díreach chuig an gclinic. Inis dúin faoin bhfoireann a n-oibríonn tú leo. Inár n-oifig, oibrím le dochtúirí eile, altraí, síceolaí cliniciúil, oibrí sóisialta agus ár gceannaire riaracháin. Is saineolaithe iad i réimsí éagsúla atá tábhachtach do shláinte mheabhrach daoine óga. Oibrímid chomh maith le seirbhísí áitiúla eile, amhail Jigsaw, Cúram Príomhúil, Tusla, scoileanna agus seirbhísí pobail amhail Pieta agus cinn eile. Tá dlúthchaidreamh againn leis na foirne CAMHS eile sa chomharsanacht agus labhraímid leis na bainisteoirí maidir le hathruithe móra dár seirbhís. Tá Grúpa Comhairleach Óige agus Grúpa Comhairleach Tuismitheoirí againn, a chabhraíonn linn ár seirbhísí a dhearadh le go bhfreastalófar níos fearr ar a riachtanais. Cad atá i gceist le do ghnáthlá oibre?  Tá gach lá éagsúil in CAMHS. B’fhéidir go bhfeicfidh mé othair úra atá ag streachailt le himní, dúlagar nó ADHD. B’fhéidir go bhfeicfidh mé daoine atá ag teacht ar ais chucu féin mar gheall ar neamhoird shíocóiseacha nó itheacháin. Caithim go leor ama ag plé na n-othar le baill eile den fhoireann. Uaireanta gheobhaidh mé glao ón ospidéal ginearálta áitiúil agus go mbeidh orm cuairt a thabhairt ar othar ar an mbarda nó ina n-áit chónaithe féin. Cabhraímid le daoine óga a bplean cúraim féin a chruthú agus beidh daoine ón taobh amuigh den CAMHS is gceist le cuid dá spriocanna. Mar sin éiríonn liom aithne a chur ar thuismitheoirí áitiúla, oibrithe sóisialta, péidiatraithe, Gardaí agus oibrithe eile pobail. Céard a spreagann thú i do chuid oibre? Tá sé iontach daoine óga agus a dteaghlaigh a fheiceáil agus iad ag sárú na ndúshlán sláinte meabhraí. Mar gheall air seo, féadfaidh siad an tairbhe is fearr a bhaint as a n-oideachas agus a saol sóisialta. Féadfaidh sé difríocht mhór a dhéanamh anois, ach chomh maith leis sin, don chuid eile dá saol. Céard é an rud is mó a thaitníonn leat faoi do ról? Taitníonn sé liom a bheith ag obair le daoine óga, lena dteaghlaigh agus leis an gcuid eile dár bhfoireann. Baineann sé go páirteach leis na fíricí leighis agus an taighde ábhartha a bheith ar eolas againn, ach baineann sé freisin le héisteacht le daoine agus tacú leo fadhbanna ina saol a réiteach. Is minic a fheiceann tú daoine ag déanamh feabhsuithe móra go tapa go leor, rud atá thar a bheith sásúil. Is maith liom freisin bealaí a aimsiú chun ár seirbhís a fheabhsú. Go minic, trí éisteacht leis na daoine óga a thagann chun muid a fheiceáil, is féidir linn teacht ar bhealaí oibre níos fearr agus is féidir sin a bheith an-sásúil freisin. Cén chomhairle a thabharfá do dhuine atá ag smaoineamh ar ghairm bheatha in CAMHS? Bain triail as! Níor thuig mé an taitneamh a bhainfinn as CAMHS go dtí go raibh orm é a dhéanamh do cheann de mo uainíochtaí mar dhochtúir sóisearach, agus níor theastaigh uaim imeacht ansin. Cibé an dochtúir thú, nó altra, oibrí sóisialta, teiripeoir saothair, teiripeoir urlabhra & teanga, bainisteoir, tá róil suimiúla ann. Déan teagmháil le d’fhoireann CAMHS áitiúil agus fiafraigh díobh faoin obair agus an bhfuil aon deiseanna ag teacht aníos.