Na daoine taobh thiar dár gcláir:

5 nóiméad leis an Dr Alissa Connors, BreastCheck

  Is í an Dr Alissa Connors an Stiúrthóir Cliniciúil agus an Raideolaí Ceannais le hAonad BreastCheck an Deiscirt i gCorcaigh. Thógamar 5 nóiméad leis an Dr Connors chun níos mó a fhoghlaim faoina post lae agus a saol taobh amuigh den obair.     Conas a thosaíonn do lá? Sula dtéim chuig an obair, socraím an lón do mo mhac 11 bliana d’aois agus do mo iníonacha, 16 agus 18 mbliana d’aois. Bíonn comhrá againn ag an mbricfeasta agus roinnim féin agus m’fhear céile na dualgais leis na leanaí a fhágáil ag an scoil. Sroichim an obair san aonad BreastCheck i gCorcaigh thart ar 8:30r.n. Inis dúin faoin bhfoireann a n-oibríonn tú leo. Oibrím i bhfoireann le radagrafaithe, raideolaithe, altraí cúram cíche, máinlianna, cúntóirí cúram sláinte agus grúpa iontach de bhaill foirne cléireachais. Comhoibrímid lena chinntiú go bhfaigheann gach bean an cúram agus an tacaíocht is fearr. Cad atá i gceist le do ghnáthlá oibre? Tosaíonn an lá nuair a thagann mná a athghlaodh ón scagthástáil chun rud éigin ar a mamagraim a fhiosrú. Den chuid is mó, oibríonn rudaí amach go normálta tar éis an mheasúnaithe seo. Ní bheidh bithóipse de dhíth ach ar líon beag ban agus tá sé mar aidhm againn é a dhéanamh in aon chuairt amháin. Bíonn lón ag an bhfoireann an chuid is mó de na laethanta i gcistin an aonaid, áit a mbreithimid suas ar an saol taobh amuigh den obair. San iarnóin, cuirtear tús le gnáthchoinní scagthástála. Bímid ag lorg mínormáltachtaí a d’fhéadfadh a bheith ina n-ailse i mná nach bhfuil aon comharthaí acu – nuair a bhíonn an ailse fós beag. Ciallaíonn sé seo go ndéantar é a dhiagnóisiú go minic ag céim níos luaithe agus gur féidir é a chóireáil nó a leigheas ar bhealach níos éasca. Féachann beirt raideolaithe speisialtóra ar gach mamagram. Tagann muid le chéile chun roinnt torthaí a phlé mar ghrúpa. Cuidíonn sé seo linn an t-uaslíon mínormáltachtaí a d’fhéadfadh a bheith ina ailsí a aimsiú. Céard a spreagann thú i do chuid oibre? Is iontach an rud é nuair a thagann bean isteach nach raibh istigh le haghaidh scagthástála riamh. Bíonn deis agam labhairt léi faoin gcaoi a bhfuil céim dhearfach á glacadh aici ar son a sláinte. Cén chomhairle a thabharfá do mhná atá ag teacht le haghaidh scagthástála cíche? Is é an leid is fearr atá agam ná barr agus bríste a chaitheamh, gan gúnaí. Oibreoimid i gcónaí chun an scagthástáil a dhéanamh chomh compordach agus is féidir do mhná. Bíonn brú beag i gceist leis an mamagram, ach ní mhaireann sé ach cúpla soicind. Bíonn an coinne thart taobh istigh de 10 go 15 nóiméad. Agus tar éis na hoibre, cén chaoi a gcaitheann tú do thráthnónta? Ar an mbealach abhaile ón obair, bailím na páistí ó ghníomhaíochtaí iarscoile – ceol agus snámh. Bíonn an teaghlach sa bhaile don dinnéar, agus déanaimid iarracht cócaireacht a dhéanamh i mbaisceanna ag an deireadh seachtaine – an-áisiúil ar fad. Níos déanaí sa tráthnóna, rachaidh mé uaireanta ag siúl le cara nó déanaim Pilates. Tá sé tábhachtach dom a bheith gníomhach. Ar rud amháin, laghdaíonn sé an baol ailse cíche.