Ár nDaoine i Seirbhísí CAMHS
5 Nóiméad le hAoibhinn Bannigan, Teiripeoir Urlabhra agus Teanga
Cén chaoi a dtosaíonn tú do lá?
Is iondúil go mbainim an oifig amach thart ar 08:45, go réitím caife dom féin agus go dtosaím ag léamh trí mo chuid ríomhphost sula dtugaim aghaidh ar aon obair riaracháin is gá. Breathnaím ar na coinní atá agam don lá agus déanaim mo sheisiúin agus aon acmhainní a phleanáil dá réir. Labhraím le daoine eile de m’fhoireann ildisciplíneach, más gá, maidir le haon nuashonruithe ar úsáideoirí seirbhíse ó thaobh meabhairshláinte de sula dtéim isteach i mo chéad choinne thart ar 09:30/10:00.
Inis dúin faoin bhfoireann a n-oibríonn tú leo.
Oibrím le foireann ildisciplíneach atá thar a bheith díograiseach, comhbhách agus tacúil. Ar an bhfoireann tá Síciatraí Comhairleach, Cláraitheoir Síciatrachta, Síceolaí, Altra Bainisteora Cliniciúil agus Teiripeoir Urlabhra agus Teanga. In ainneoin gur foireann bheag muid, oibrímid go dlúth éifeachtach le chéile agus an sprioc chéanna againn go léir, is é sin cúram fianaisebhunaithe agus duinelárnach a chur ar fáil do gach uile dhuine a úsáideann ár seirbhísí. Tá m’fhoireann ar fheabhas ag tabhairt tacaíochta agus treorach dá chéile, chomh maith le bheith rannpháirteach i measúnú comhoibríoch, diagnóisiú agus idirghabháil maidir le raon deacrachtaí meabhairshláinte.
Céard a tharlaíonn ar ghnáthlá oibre agat?
Ceann de na rudaí is fearr faoina bheith ag obair in CAMHS ná nach mar a chéile aon dá lá. Ar mo ghnáthlá oibre déanaim acmhainní a ullmhú le haghaidh seisiún, buailim le daoine óga i gcomhair teiripe urlabhra agus theanga, déanaim plé le hidirghabhálacha meabhairshláinte, agus comhlánaím doiciméid agus tuarascálacha. Déanaim plé chomh maith le cainteanna ildisciplíneacha agus le socrú/foirmliú comhoibríoch spriocanna. Athraíonn mo sheisiúin chliniciúla idir measúnú agus idirghabháil i ndáil le réimse riachtanais urlabhra, teanga agus chumarsáide, chomh maith le labhairt ar son riachtanais agus roghanna an úsáideora seirbhíse. Mar chuid de mo sheisiúin, cuirim síocoideachas ar fáil freisin do theaghlaigh d’fhonn cabhrú leo tuiscint a fháil ar dheacrachtaí teanga agus cumarsáide, agus ar an nasc idir cumarsáid agus meabhairshláinte. Bíonn comhsheisiúin agam freisin le baill eile den fhoireann ildisciplíneach le cabhrú leis an duine óg rochtain a fháil ar idirghabhálacha meabhairshláinte eile agus leas a bhaint astu.
Céard a spreagann thú i do chuid oibre?
An tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag mo chuid oibre ar shaol daoine óga agus a dteaghlaigh, sin é an rud a spreagann mise i mo chuid oibre. Bíonn an obair in CAMHS dúshlánach in amanna, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh an chaoi a bhfuil cúrsaí sa chóras sláinte faoi láthair. Bíodh sin mar atá, is mór an spreagadh agus an sásamh dom a bheith in ann cabhrú le daoine óga ar a n-aistear téarnaimh ó thaobh meabhairshláinte de agus cúnamh a thabhairt dóibh barr a gcumais a bhaint amach i ngach uile ghné dá saol.
Céard é an rud is mó a thaitníonn leat faoi do ról?
Is é an rud is mó a thaitníonn liom faoi mo phost ná oibriú leis na daoine óga agus a bheith in ann tacú leo ar a n-aistear téarnaimh. Mar theiripeoir urlabhra agus teanga, táim in ann caidreamh a chothú leis na húsáideoirí seirbhíse agus lena dteaghlach, agus é mar aidhm agam tacú lena gcumas teanga agus cumarsáide d’fhonn cabhrú leo rochtain a fháil ar idirghabhálacha meabhairshláinte eile. Is mór an sásamh agus an spreagadh dom bheith in ann tacú le daoine óga a gcuid scéalta agus mothúchán a chur in iúl. Cuid an-taitneamhach de mo phost is ea bheith ag obair mar chuid de fhoireann ildisciplíneach freisin mar táim in ann foghlaim agus fás go gairmiúil agus go pearsanta.
Cén chomhairle a thabharfá do dhuine atá ag smaoineamh ar ghairm bheatha in CAMHS?
Mholfainn do dhuine ar bith atá ag smaoineamh ar ghairm bheatha in CAMHS cuimhneamh ar na buntréithe atá ionat a mheall chun an chúraim sláinte thú – do chomhbhá, d’fhoighne agus do spreagadh le difríocht a dhéanamh i saol daoine. Sílim go bhfuil sé tábhachtach gnáthamh féinchúraim a choinneáil duit féin freisin. Obair fhiúntach, shásúil atá san obair in CAMHS, ach cosúil le post ar bith eile, bíonn laethanta dúshlánacha ann chomh maith. Tá sé tábhacht a chinntiú go mbíonn tú ag tnúth le rud éigin ag deireadh do lae oibre, cibé acu ag dul amach ag siúl le cara leat nó ag breathnú ar scannán.