Cnáimhseachas Tá an cnáimhseachas ar cheann de na gairmeacha is mó tairbhe agus sásamh atá ann, ról ina dtugtar tacaíocht do mhná agus iad ag súil le leanbh, ina dhiaidh, agus ina mbíonn páirt agat le beatha nua a thabhairt ar an saol.

Aithníonn cnáimhseacha gur tréimhsí iad an toircheas, breith linbh agus an tréimhse iarbhreithe a bhíonn sláintiúil ach trom i saol ban. Tarraingíonn siad ar a saineolas gairmiúil, ar a sainscileanna agus ar a meon chun tacú leis an mbean agus a teaghlach, iad ag obair go neamhspleách agus san fhoireann ildisciplíneach. Obair dhúshlánach a bhíonn i gceist in amanna, ach tabharfar tacaíocht mhaith duit i dtimpeallacht ina bhfuil tacaíocht ann don fhoghlaim.

D’fhéadfadh cnáimhseacha obair a dhéanamh i suíomhanna éagsúla, mar shampla: bardaí agus clinicí réamhbhreithe agus iarbhreithe, seomraí breithe, Aonaid Faoi stiúir Cnáimhseachais (MLUanna), seirbhísí cnáimhseachais pobail, aonaid nuabheirthe, agus obrádlanna cnáimhseachais. Is iad na cnáimhseacha na príomhghairmithe cúraim sláinte a bhíonn ag mná atá ag súil le leanbh gan aon deacracht ann.

Tá 19 n-aonad máithreachais ann agus, mar chuid d’fheidhmiú na Straitéise Náisiúnta Máithreachais, tá mórán eile seirbhísí pobail agus leanúnachais cúraim cnáimhseachais á bhforbairt. Cuireann na seirbhísí seo raon éagsúil deiseanna fostaíochta ar fáil thar gach leibhéal taithí agus saineolais.

Is féidir le Cnáimhseach Cláraithe a ngairmeacha beatha a chur chun cinn le roghanna do chnáimhseacha sna suíomhanna cliniciúla, bainistíochta, oideachais agus taighde. Áirítear leis na roghanna seo róil Speisialtóir Cnáimhseachais Chliniciúil agus Ardchleachtóir Cnáimhseachais.

Seo a leanas cuid de na dualgais a bhíonn ar Chnáimhseach Cláraithe: 

  • mná torracha a scrúdú agus monatóireacht a dhéanamh orthu.
  • riachtanais chúraim a mheas agus pleananna cúraim a scríobh.
  • cúram réamhbhreithe a chur ar fáil in ospidéil, áiteanna cónaithe agus i gcleachtais dochtúirí teaghlaigh.
  • scagthástálacha a dhéanamh.
  • eolas agus tacaíocht mhothúchánach a thabhairt do mhná agus a bpáirtithe agus iad a chur ar a suaimhneas.
  • samplaí, ráta cuisle, teocht agus brú fola an othair a ghlacadh.
  • aire agus cuidiú a thabhairt do mhná i dtinneas clainne.
  • monatóireacht a dhéanamh ar chógais, insteallta agus insiltí infhéitheacha le linn tinneas clainne agus iad a thabhairt don othar.
  • monatóireacht a dhéanamh ar an bhféatas le linn tinneas clainne.
  • comhairle agus tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí i gcúram laethúil a naíonán nuabheirthe.
  • tacú le tuismitheoirí atá ag plé le breith anabaí, foirceannadh toirchis, marbh-bhreith agus bás nuabheirthe.
  • taifid a scríobh.
  • ábhar cnáimhseach a theagasc.
  • cásanna de thoircheas ardriosca a aithint.

Scileanna riachtanacha: 

  • meon comhbhách, cineálta, tuisceanach.
  • an cumas réiteach go maith le daoine ó réimse leathan cúlraí sóisialta agus cultúrtha.
  • cumarsáidí agus éisteoir maith.
  • teacht aniar agus spiorad láidir.
  • an cumas feidhmiú as do stuaim féin.
  • toilteanas glacadh le freagracht.
  • an cumas plé le cásanna deacra agus fanacht socair má bhíonn strus ann.

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ar an Tairseach Gairmeacha