Cén tslí le bheith i mo Bhainisteoir ar Líonra um Leanaí faoi Mhíchumas?

Bíonn an Bainisteoir ar Líonra um Leanaí faoi Mhíchumas ag obair chun Foireann an Líonra Míchumais Leanaí i limistéar sonraithe a threorú agus a bhainistiú i gcomhréir leis an mBeartas Náisiúnta. Is iadsan atá cuntasach agus freagrach as soláthar seirbhísí sábháilte ardchaighdeáin comhtháite do leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais chasta mhíchumais orthu.

Cáilíochtaí riachtanacha:

  • Cáilíocht ghairmiúil chuí san Altranas nó i ngairm Cúraim Sláinte agus Shóisialta agus, nuair is cuí, clárúchán reachtúil nó clárúchán/creidiúnú gairmiúil;
  • Taithí oibre cúig bliana tar éis cáiliú ar a laghad agus, mar chuid den taithí sin, trí bliana ag obair i seirbhísí teiripeacha míchumais leanaí nó ag bainistiú seirbhísí mar sin.
Children Disability Network Manager

Do ról le FSS

Tugann Bainisteoirí Líonraí Míchumais Leanaí ceannaireacht agus treoir oibríochta, cuireann siad an obair foirne idirdhisciplíneach chun cinn, agus tarraingíonn siad seirbhísí agus tacaíochtaí pobail éagsúla le chéile le go mbeidh comhar agus comhordú ann.

Cuid lárnach den ról mar Bhainisteoir Líonra Míchumais Leanaí ná an obair i gcomhar le meascán páirtithe leasmhara, cuir i gcás: Foirne Bainistíochta Príomhghníomhaireachtaí, Cúram Sóisialta, Cúram Príomhúil, Seirbhísí Meabhairshláinte, Bainisteoirí Líonraí Pobail Cúraim Sláinte, FSS, eagraíochtaí neamhreachtúla, Ceannasaithe Disciplíní, Dochtúir Ginearálta Ceannasach an Líonra agus pearsanra ábhartha eile.

Léiríonn Bainisteoirí Líonraí Míchumais Leanaí ceannaireacht agus rialachas láidir agus, dá réir, spreagann siad an dearbhú cáilíochta agus feabhsú leanúnach ionas go ndéanfar riachtanais leanaí faoi mhíchumas agus a dteaghlaigh a shásamh ar mhodh sábháilte éifeachtach, iad ag obair chun cultúr den chomhar, dearscnaitheacht agus ceannródaíocht a chothú sna seirbhísí ar fad.

CDNM

Dul chun cinn Gairme

Tá deis ann i ról an Bhainisteora ar Líonra um Leanaí faoi Mhíchumas ceannaireacht chuimsitheach a léiriú i dtimpeallacht a bhíonn de shíor ag athrú. Mar chuid den ról tá freagrachtaí as rialachas straitéiseach, cuir i gcás cathaoirleacht a dhéanamh ar Ghrúpaí Comhairle Cliniciúla agus páirt a ghlacadh i bhfóraim chinnteoireachta.

Gnéithe eile den ról ná maoirseacht oibríochtúil ar bhuiséid, bonneagar agus soláthar seirbhísí, taithí a leagann síos bunús breá ginearálta le gur féidir dul ar aghaidh chuig róil ardbhainistíochta feidhmiúcháin.

Group of healthcare professionals in meeting

Oiliúint agus forbairt bhreise

Is iomaí deis oiliúna agus oideachais atá ar fáil le scileanna oibrithe na heagraíochta a fheabhsú.  Samplaí de na gníomhaíochtaí forbartha gairmiúla atá ann ná seirbhísí leabharlainne thar barr in FSS, deiseanna freastal ar chomhdhálacha, ar sheimineáir ghréasáin agus ar cheardlanna, ról gníomhach sa mheantóireacht agus maoirseacht, blaganna agus podchraoltaí.

Tugann Oifig na nGairmeacha Cúraim Sláinte agus Shóisialta tacaíocht do ghairmithe cúraim sláinte agus shóisialta trí bhíthin tionscnaimh cheannaireachta, oideachais agus forbartha gairmiúla in FSS.

Tugann an tAonad Pleanála agus Forbartha Altranais agus Cnáimhseachais tacaíocht do chláir don fhorbairt ghairmiúil leanúnach.

HSELAND an t-ainm atá ar thairseach FSS, áit a bhfuil fáil ar mheascán de dheiseanna oiliúna agus forbartha a chuirtear ar fáil ar líne nó i socrú ranga.

Children Disability Network Manager interacting with family

Sochair foirne agus teistiméireachtaí

Ar cheann de na buntáistí a bheidh agat agus tú ag obair mar fhostaí in FSS ná go mbeidh tú ag saothrú i ngairm atá fiúntach agus dúshlánach. Tairgímid pá agus sochair mhealltacha, maoirseacht ghairmiúil, tacaíocht ghairme agus deiseanna forbartha, comhghleacaithe cairdiúla, agus caighdeán saoil den scoth.

Féach Scálaí pá – Foireann FSS

Tá tuilleadh eolais ar Fhoirne Líonra um Leanaí faoi Mhíchumas ar CDNT: Seirbhísí faoi thrácht.

Is féidir cliceáil ar na naisc atá thíos le tuilleadh eolais a fháil ar róil mar Bhainisteoir ar Líonra Míchumais Leanaí:

  • Caoimhe Dillon, Bainisteoir Líonra um Leanaí faoi Mhíchumas, Fondúireacht COPE
  • Olive Gormley, Bainisteoir Líonra um Leanaí faoi Mhíchumas, Cumas Éireann

Cláraigh le haghaidh fógraí seachtainiúla poist le Mol Gairmeacha FSS lena chinntiú go mbíonn tú ar an eolas faoi na folúntais go léir.