Cén tslí le bheith i mo Dhiaitéiteach?

Is gairmithe sláinte iad diatéitigh ar saineolaithe iad i gcothúchán agus réim bhia an duine. Bíonn diaitéitigh ag baint leas as taighde eolaíoch, cothú, eolaíocht iompraíochta agus eolaíocht shóisialta leis an tsláinte a chur chun cinn, galar a chosc agus daoine folláine agus breoite a threorú sna roghanna a dhéanann siad ó thaobh bia de.

Tá cúpla bealach ann chun dul isteach i ngairm an Diaitéitigh:

  • BSc bunchéime sa Chothúchán Daonna agus Diaitéitic
  • Cúrsa ar Leibhéal 8 den CNC agus MSc sa Chothúchán Cliniciúil agus Diaitéitic
  • Cúrsa ar Leibhéal 8 den CNC agus MSc sa Chothúchán Daonna agus Diaitéitic

Gheobhaidh tú eolas ar na cáilíochtaí faofa ón gcomhlacht rialála, is é sin CORU. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoin ngairm ar láithreán gréasáin Institiúid Cothúcháin agus Diaitéitice na hÉireann nó ar láithreán gréasáin Thairseach na nGairmeacha.

Má bhain tú do cháilíocht amach i dtír eile seachas in Éirinn, gheobhaidh tú tuilleadh eolais anseo.

Dietitian working with a patient

Do ról le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)

Agus tú cáilithe, beidh ort clárú le CORU, an comhlacht rialála do Ghairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta, Diatéitigh ina measc. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ar Láithreán gréasáin CORU.

Tá Diatéitigh mar chuid de lucht saothair cliniciúil a dtugtar Gairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta orthu agus a bhíonn ag obair mar fhoireann in éineacht le comhghleacaithe leighis agus altranais chun cúram cliniciúil, teiripeach agus sóisialta a chur ar fáil.

Déanann diaitéitigh measúnú ar stádas cothaithe. Cuidíonn siad le daoine a stádas cothaithe a choinneáil nuair is mian leo nó nuair is gá dóibh triail a bhaint as idirghabhálacha bia ar nós aistí seachanta bia ar leith agus forbhianna cothaitheacha. Déanann siad míchothú a dhiagnóisiú, a chóireáil agus a chosc.

Bíonn diaitéitigh ag obair le daoine ar gach aois, lena dteaghlach, a gcúramóirí agus le gairmithe cúraim sláinte eile a bhíonn ag obair leis an duine.

D’fhéadfá a bheith ag obair le cliaint in ospidéil, i seirbhísí pobail, seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas, scoileanna, ollscoileanna agus seirbhísí meabhairshláinte.

Female dietitian talking with a mother and child

Dul chun cinn gairme

Tá a lán bealaí ann le dul chun cinn a dhéanamh i do ghairm:

  • Dul ar aghaidh le bheith i do Dhiaitéiteach Sinsearach nó Speisialtóir Cliniciúil.
  • Speisialtóireacht a dhéanamh i réimse faoi leith, cuir i gcás diaibéiteas, sláinte leanaí, ailse nó máinliacht.

Conair Forchéimnithe Gairme:  Conair Chliniciúil

  • Diaitéiteach ar Ghrád Foirne
  • Diaitéiteach Sinsearach
  • Speisialtóir Cliniciúil Diaitéitice

Conair na Bainistíochta

  • Diaitéiteach Bainisteora
  • Diaitéiteach Bainisteora i bhfeighil III
  • Bainisteoir Líona Míchumais na Leanaí

Conair Oideachais

Tá deiseanna ann i róil oideachais chomh maith sna Gairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta ar fad.

Dietitian working with a patient

Oiliúint agus forbairt bhreise

Oifig na nGairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta freagrach as Ceannaireacht, Oideachas agus Forbairt Ghairmiúil Leanúnach na ngairmithe sin atá ag obair in FSS. Is iomaí dóigh atá ann chun cur leis na scileanna a theastaíonn don ról mar Dhiaitéiteach i dtimpeallacht faoi leith. Is féidir tabhairt faoi oiliúint iarchéime nó cúrsaí cliniciúla leis sin a dhéanamh.

HSeLanD an t-ainm atá ar thairseach FSS ar a bhfuil meascán de dheiseanna oiliúna agus forbartha a chuirtear ar fáil ar líne nó i socrú ranga. Is féidir eolas a fháil ar Oideachas agus Forbairt ar Thairseach HSCP ar www.hseland.ie.

Samplaí eile de ghníomhaíochtaí forbartha gairmiúla ná deiseanna chun seirbhísí iontacha leabharlainne FSS a úsáid, deiseanna breise oiliúna agus oideachais, deiseanna freastal ar chomhdhálacha, seimineáir ghréasáin agus ceardlanna, próiseas meantóireachta agus maoirseachta, an t-eolas is úire faoin ngairm i nuachtlitreacha speisialaithe, blaganna agus podchraoltaí.

variety of food

Sochair foirne agus teistiméireachtaí

Sochar a bheidh agat agus tú ag obair mar fhostaí in FSS ná go mbeidh tú ag saothrú i ngairm atá fiúntach agus dúshlánach, agus níl ansin ach sochar amháin. Tairgimid pá agus sochair mhealltacha, maoirseacht ghairmiúil, tacaíocht ghairme agus deiseanna forbartha, comhghleacaithe cairdiúla agus caighdeán beatha iontach.

Féach Scálaí pá – Foireann FSS

Beidh teistiméireachtaí ó bhaill foirne againn go luath.

Dietitian talking with a client