Cén tslí le bheith i m’Fhisiteiripeoir?

Gairm fhiúntach atá san fhisiteiripe, gairm ina mbíonn an deis agat difear dearfach a dhéanamh i saol daoine agus pian a laghdú chomh maith le deacrachtaí coirp a leigheas nó a stopadh, deacrachtaí a bhíonn ag daoine mar gheall ar aois, gortú, míchumas nó breoiteacht.

Tá cúpla bealach isteach ann chun bheith i d’Fhisiteiripeoir:

  • Céim onóracha BSc Fochéime san Fhisiteiripe
  • Cúrsa ar Leibhéal 8 den CNC agus céim ollscoile MSc san Fhisiteiripe
  • Céimeanna tríú leibhéal ar conairí leanúnacha iad ón mBreisoideachas isteach san Ardoideachas.

Tabharfaidh CORU, an rialálaí do ghairmithe cúraim sláinte agus shóisialta, eolas duit faoi na cáilíochtaí ceadaithe. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ar na bealaí iontrála ar láithreán gréasáin Chumann Fisiteiripeoirí Cairte na hÉireannláithreán gréasáin Thairseach na nGairmeacha.

Má bhain tú do cháilíocht amach i dtír eile seachas in Éirinn, gheobhaidh tú tuilleadh eolais anseo.

Physio working with a male patient

Do ról le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)

Agus tú cáilithe, beidh ort clárú le CORU, an comhlacht rialála do Ghairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta, Fisiteiripeoirí san áireamh. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ar  Láithreán gréasáin CORU.

Tá Fisiteiripeoirí mar chuid de lucht saothair cliniciúil a dtugtar Gairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta orthu agus a bhíonn ag obair mar fhoireann in éineacht le comhghleacaithe leighis agus altranais chun cúram cliniciúil, teiripeach agus sóisialta a chur ar fáil.

Tá fisiteiripeoirí freagrach as cleachtas fianaisebhunaithe a úsáid chun gluaiseacht agus cumas feidhmiúil a fhorbairt, a chothú nó a thabhairt ar ais i gcaitheamh an tsaoil.

D’fhéadfaí a bheith ag obair i réimse áiteanna agus foirne: bardaí in ospidéal géarmhíochaine, seirbhís athshlánúcháin, amuigh sa phobal – áit chónaithe an othair mar shampla. Beidh tú ag obair go dlúth le teaghlach agus cúramóirí othar chomh maith.

Tá réimsí éagsúla i ndisciplín na Fisiteiripe: Ortaipéidic (cnámha – airtríteas nó bristeacha), péidiatraic (leanaí), néareolaíocht (inchinn nó néarchóras), obair riospráide (scamhóga agus análú), deacrachtaí matánchnámharlaigh (ailt, cnámha, pian fíocháin bhoig agus gortuithe spóirt), cúram an duine bhreacaosta (aosú agus anbhainne), cairdeolaíocht (croí agus athshlánú cairdiach), míchumas (fisiciúil agus intleachtúil), sláinte pheilbheach agus coinneálacht, sláinte cheirde, taighde agus forbairt.

Physiotherapist working with a patient

Dul chun cinn gairme

Tá a lán bealaí ann le dul chun cinn a dhéanamh i do ghairm:

  • Fisiteiripeoir Sinsearach
  • Speisialtóireacht a dhéanamh i réimse faoi leith – ortaipéidic, néareolaíocht nó obair le leanaí, cuir i gcás
  • Dul le bheith ag obair san oiliúint nó sa bhainistíocht

Conair Forchéimnithe Gairme:  Conair Chliniciúil

  • Fisiteiripeoir Foirne
  • Fisiteiripeoir Sinsearach
  • Speisialtóir Cliniciúil Fisiteiripe

Conair na Bainistíochta

  • Fisiteiripeoir Bainisteora
  • Fisiteiripeoir Bainisteora i bhfeighil III
  • Bainisteoir Líona Míchumais na Leanaí

Conair Oideachais

Tá deiseanna ann i róil oideachais chomh maith sna Gairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta ar fad.

Physiotherapist working with a patient

Oiliúint agus forbairt bhreise

Oifig HSCP freagrach as Ceannaireacht, Oideachas agus Forbairt Ghairmiúil Leanúnach fisiteiripeoirí atá ag obair in FSS.

HSeLanD an t-ainm atá ar thairseach FSS ar a bhfuil meascán de dheiseanna oiliúna agus forbartha a chuirtear ar fáil ar líne nó i socrú ranga. Is féidir eolas a fháil ar Oideachas agus Forbairt ar Thairseach HSCP ar www.hseland.ie.

Samplaí eile de ghníomhaíochtaí forbartha gairmiúla ná deiseanna chun seirbhísí iontacha leabharlainne FSS a úsáid, deiseanna breise oiliúna agus oideachais, deiseanna freastal ar chomhdhálacha, seimineáir ghréasáin agus ceardlanna, próiseas meantóireachta agus maoirseachta, an t-eolas is úire faoin ngairm i nuachtlitreacha speisialaithe, blaganna agus podchraoltaí.  

Physiotherapist working with a patient

Sochair foirne agus teistiméireachtaí

Sochar a bheidh agat agus tú ag obair mar fhostaí in FSS ná go mbeidh tú ag saothrú i ngairm atá fiúntach agus dúshlánach, agus níl ansin ach sochar amháin. Tairgimid pá agus sochair mhealltacha, maoirseacht ghairmiúil, tacaíocht ghairme agus deiseanna forbartha, comhghleacaithe cairdiúla agus caighdeán beatha iontach.

Féach Scálaí pá – Foireann FSS

Cliceáil le do thoil ar an nasc thíos chun tuilleadh eolais a fháil faoi ról an Fhisiteiripeora:

Louise Galvin – Speisialtóir Cliniciúil Fisiteiripe, Ciarraí

Physiotherapist working with a patient