Is gairm bheatha fhiúntach é an leigheas, a bhíonn ag athrú de shíor mar a thagann éablóid ar an eolas leighis atá againn. Gairm an-tairbheach is ea a bheith ag obair le hothair agus lena muintir chun breoiteacht a chosc agus a chóireáil — gairm ina n-éilítear comhbhá, inniúlacht agus an toilteanas bheith ag obair mar chuid d’fhoireann, chomh maith le dea-scileanna cumarsáide agus an cumas obair i dtimpeallacht ghasta.
Is féidir dul isteach i ngairm an leighis ar roinnt bealaí:
- Bunchéim sa Leigheas
- Bealach iontrála do chéimithe
Tá Tástáil Inniúlachta na nGairmeacha Sláinte – HPAT ina riachtanas iontrála le haghaidh gach cúrsa fochéime leighis in Éirinn. Úsáidtear meascán de do thorthaí san Ardteistiméireacht agus do HPAT lena mheas cé acu atá tú oiriúnach do ghairm an leighis nó nach bhfuil. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais maidir le bealaí iontrála ar an Tairseach Gairmeacha.
Cliceáil ar an nasc faoi iamh le tuilleadh eolais a fháil ar Iontráil do Chéimithe sa Leigheas (GEM).