Cén tslí le bheith i m’Oibrí Cúraim Shóisialta?

Bíonn oibrithe Cúraim Shóisialta ag obair agus ag tacú le daoine ina n-áit chónaithe agus ina bpobal féin, daoine a bhfuil tacaíocht de dhíth orthu chun gnáth-thascanna a chur i gcrích ar chúiseanna éagsúla – mar gheall ar aois, mar shampla, nó deacracht coirp, fadhb mheabhairshláinte, nó deacracht foghlama throm.

Tá cúpla bealach ann chun dul isteach i ngairm an Oibrí Cúraim Shóisialta:

  • BA sa Chúram Sóisialta, Leibhéal 7 den CNC
  • BA sa Chúram Sóisialta Feidhmeach, Leibhéal 7 den CNC
  • BA sa Chleachtas Cúraim Shóisialta, Leibhéal 8 den CNC
  • BA sa Chúram Sóisialta, Leibhéal 8 den CNC
  • BA sa Chúram Sóisialta Feidhmeach, Leibhéal 8 den CNC

Gheobhaidh tú eolas ar na cáilíochtaí faofa ón gcomhlacht rialála, CORU. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoin ngairm ar láithreán gréasáin Cúram Sóisialta Éireann nó ar Láithreán Gréasáin Thairseach na nGairmeacha.

Má bhain tú do cháilíocht amach i dtír eile seachas in Éirinn, gheobhaidh tú tuilleadh eolais anseo.

Lady playing with a boy

Do ról le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)

Agus tú cáilithe, beidh ort clárú le CORU, an comhlacht rialála do Ghairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta, Oibrithe Cúraim Shóisialta ina measc. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ar Láithreán gréasáin CORU.

Tá Oibrithe Cúraim Shóisialta mar chuid de lucht saothair cliniciúil a dtugtar Gairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta orthu agus a bhíonn ag obair mar fhoireann in éineacht le comhghleacaithe leighis agus altranais chun cúram cliniciúil, teiripeach agus sóisialta a chur ar fáil.

Déanann Oibrithe Cúraim Shóisialta cúram gairmiúil a phleanáil agus a sholáthar do dhaoine agus grúpaí leochaileacha ar gach aois, daoine atá imeallaithe, faoi mhíbhuntáiste nó a bhfuil riachtanais speisialta acu. Bíonn Oibrithe Cúraim Shóisialta ag obair le daoine agus grúpaí mar sin a chosaint agus le labhairt ar a son. Ina theannta sin, tugann siad treoir, spreagadh agus tacaíocht do na daoine atá faoina gcúram le barr a gcumais a bhaint amach.

Is iomaí cineál duine a bhíonn mar chliaint againn, na grúpaí seo ina measc: páistí agus déagóirí i gcúram cónaithe; daoine óga i scoileanna coinneála; daoine faoi mhíchumas intleachtúil nó faoi mhíchumas coirp; daoine gan dídean; daoine atá spleách ar alcól/drugaí; teaghlaigh sa phobal; agus daoine scothaosta.

2 women having a cup of tea

Dul chun cinn gairme

Gairm shásúil atá san Obair Cúraim Shóisialta, gairm ina mbíonn an deis agat dul i bhfeidhm ar bhealach dearfach ar shaol daoine agus cúram gairmiúil a sholáthar do dhaoine agus grúpaí leochaileacha ar gach aois atá imeallaithe, faoi mhíbhuntáiste nó a bhfuil riachtanais speisialta acu. Tá a lán bealaí ann le dul chun cinn a dhéanamh i do ghairm:

  • Leanúint ar aghaidh i do Cheannaire Cúraim Shóisialta
  • Bainisteoir Cúraim Shóisialta.

Conairí Forchéimnithe Gairme: Conair Chliniciúil

  • Oibrí Cúraim Shóisialta
  • Ceannaire Cúraim Shóisialta

Conair na Bainistíochta

  • Bainisteoir Cúraim Shóisialta 1
  • Bainisteoir Cúraim Shóisialta 2
  • Bainisteoir Cúraim Shóisialta 3

Conair Oideachais

Tá deiseanna ann i róil oideachais chomh maith sna Gairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta ar fad.

woman in an office playing with a girl and her father

Oiliúint agus forbairt bhreise

Oifig na nGairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta freagrach as Ceannaireacht, Oideachas agus Forbairt Ghairmiúil Leanúnach na ngairmithe sin atá ag obair in FSS.

HSeLanD an t-ainm atá ar thairseach FSS ar a bhfuil meascán de dheiseanna oiliúna agus forbartha a chuirtear ar fáil ar líne nó i socrú ranga. Is féidir eolas a fháil ar Oideachas agus Forbairt ar Thairseach HSCP ar www.hseland.ie.

Samplaí eile de ghníomhaíochtaí forbartha gairmiúla ná deiseanna chun seirbhísí iontacha leabharlainne FSS a úsáid, deiseanna breise oiliúna agus oideachais, deiseanna freastal ar chomhdhálacha, seimineáir ghréasáin agus ceardlanna, próiseas meantóireachta agus maoirseachta, an t-eolas is úire faoin ngairm i nuachtlitreacha speisialaithe, blaganna agus podchraoltaí.

young family talking with a woman

Sochair foirne agus teistiméireachtaí

Sochar a bheidh agat agus tú ag obair mar fhostaí in FSS ná go mbeidh tú ag saothrú i ngairm atá fiúntach agus dúshlánach, agus níl ansin ach sochar amháin. Tairgimid pá agus sochair mhealltacha, maoirseacht ghairmiúil, tacaíocht ghairme agus deiseanna forbartha, comhghleacaithe cairdiúla agus caighdeán beatha iontach.

Féach Scálaí pá – Foireann FSS

Beidh teistiméireachtaí ó bhaill foirne againn go luath.

2 women shopping