Conas a thosóidh mé amach mar Pharaimhíochaineoir Faoi Oiliúint?

Cuirtear paraimhíochaineoirí faoi oiliúint i gColáiste na Seirbhíse Náisiúnta Otharcharranna, a bhfuil 3 champas aige i dTamhlacht (Baile Átha Cliath), i mBéal Átha na Sluaighe (Gaillimh) agus i dTulach Mhór (Uíbh Fhailí) agus tá campais eile ar na bacáin. Cuireann FSS/an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna cúrsa Paraimhíochaine ar fáil ar chlár céime trí bliana é. Bainfear Baitsiléir Eolaíochta (Onóracha) amach ag deireadh an chúrsa seo.

Tá an próiseas earcaíochta agus roghnúcháin don fheachtas seo á bhainistiú ag Seirbhís Earcaíochta Náisiúnta FSS.  Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseas earcaíochta, tabhair cuairt at shuíomh gréasáin na Seirbhíse Náisiúnta Otharcharranna.

Cláraigh ar Mhol Gairme FSS chun fógra a fháil faoin gcéad fheachtas earcaíochta eile do Pharaimhíochaineoirí Faoi Oiliúint. Is féidir cuairt a thabhairt chomh maith ar Leathanach Post FSS.

Tabhair cuairt ar Chritéir Incháilitheachta FSS ina leagtar amach ceanglais iontrála agus ar an Tairseach Gairmeacha chun eolas a fháil faoi bhealaí iontrála eile.

Do ról le FSS

Agus tú cáilithe, ní mór duit clárú leis an gComhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil (PHECC) a bhfuil clár reachtúil á choinneáil aici.

Is é ról agus cuspóir na Seirbhíse Náisiúnta Otharcharranna ná seirbhís cúraim agus iompair othar réamh-ospidéil a chur ar fáil atá tráthúil agus oiriúnach ó thaobh an chlinic de. Cuirtear cúram éigeandála réamh-ospidéil agus seirbhísí iompair ar fáil mar chuid dhílis de leanúnachas cúraim d’othair, agus tá ceanglas ann oibriú i gcomhpháirtíocht le soláthraithe cúram sláinte eile i Seirbhísí Cúraim Sláinte Sceidealaithe agus Neamhsceidealaithe araon.

Is é cuspóir an Chláir Oiliúna Paraimhíochaine (lena n-áirítear Intéirneacht) comhthiomsú paraimhíochaine cáilithe go cuí a sholáthar, atá ceadúnaithe chun cleachtadh a dhéanamh faoin gComhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil , a dtairgfear poist dóibh ag grád Paraimhíochaine in áiteanna éagsúla ar fud na Seirbhíse Náisiúnta Otharcharranna.

Dul chun cinn gairme

Tá a lán bealaí ann le dul chun cinn a dhéanamh i do ghairm:

Conairí Forchéimnithe Gairme:

Conair Chliniciúil

  • Paraimhíochaineoir
  • Paraimhíochaineoir Speisialtóra (Ard-Pharaimhíochaineoir, Pobal, Cúram Criticiúil, etc.)

Conair na Bainistíochta

  • Ceannasaí Forbartha Cleachtais Paraimhíochaine

Conair an Oideachais

  • Teagascóir Paraimhíochaine
  • Príomhtheagascóir Paraimhíochaine

Níl anseo ach sampla de na deiseanna iomadúla atá ar fáil laistigh den tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna.

Oiliúint agus forbairt bhreise

Oifig na nGairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta freagrach as Ceannaireacht, Oideachas agus Forbairt Ghairmiúil Leanúnach na ngairmithe sin atá ag obair in FSS.

HSeLanD an t-ainm atá ar thairseach FSS ar a bhfuil meascán de dheiseanna oiliúna agus forbartha ar fáil ar líne nó i dtimpeallacht i stíl an tseomra ranga. Is féidir rochtain a fháil ar eolas faoi Oideachas agus Forbairt trí chuairt a thabhairt ar www.hseland.ie

Cuireann an Chomhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil treoir agus faisnéis ar fáil maidir leis na conairí oideachais agus oiliúna ceadaithe do pharaimhíochaineoirí agus do ghairmithe cúraim éigeandála réamh-ospidéil eile. Cinntíonn siad go gcomhlíonann gach clár oiliúna na caighdeáin riachtanacha chun cúram agus tacaíocht ardchaighdeáin, agus forbairt ghairmiúil leanúnach, a sholáthar. Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin na Comhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil .

Sochair foirne agus teistiméireachtaí

Tá roinnt buntáistí an-tarraingteacha ar fáil do Pharaimhíochaineoirí Faoi Oiliúint, na nithe seo a leanas san áireamh:

  • Íoctar oiliúnaithe paraimhíochaine agus iad ag freastal ar an gCúrsa 3 bliana i gColáiste na Seirbhíse Náisiúnta Otharcharranna – cliceáil ar an nasc thíos chun teacht ar na scálaí tuarastail cothrom le dáta
  • Agus an cúrsa curtha i gcrích go sásúil, bronntar Baitsiléir Eolaíochta (Onóracha)
  • Beidh iarrthóirí a n-éireoidh leo áit a fháil ar an gcúrsa in ann cur isteach ar phoist mar Pharamhíocaineoir ag deireadh a dtréimhse oiliúna

Tairgeann FSS pá agus sochair mhealltacha, maoirseacht ghairmiúil, tacaíocht ghairme agus deiseanna forbartha, comhghleacaithe cairdiúla agus caighdeán maireachtála iontach.

Féach Scálaí pá – Foireann FSS