Gairmeacha Bainistíochta agus Riaracháin

Tá ról riachtanach ag gairmithe bainistíochta agus riaracháin i bhfeidhmiú éifeachtach seirbhísí sláinte. Tugann siad ceannasaíocht agus tacaíocht i gcás réimse leathan feidhmeanna, cuir i gcás pleanáil straitéiseach, airgeadas, acmhainní daonna, cumarsáid, an chibearshlándáil agus soláthar seirbhísí. Is mar thoradh ar a gcuid oibre a bhíonn na hacmhainní, córais agus tacaíocht ag foirne cliniciúla le cúram sábháilte ardchaighdeáin a sholáthar d’othair.

Do na róil seo, teastaíonn scileanna láidre ceannaireachta, réitigh fadhbanna agus eagrúcháin taobh le dúthracht i leith na seirbhíse poiblí. Is cuma má bhíonn siad ag obair sa bhainistíocht ospidéil, forbairt beartais nó tacaíocht oibríochtúil, cuireann gairmithe sa réimse seo leis an bhfeabhsú agus éifeachtúlacht leanúnach i gcórais sláinte agus imríonn siad tionchar ar thorthaí foirne agus othar araon, tionchar a mhaireann.

Agus muid ag obair ar chnuasach conairí gairme don chatagóir seo, molaimid duit clárú ar Mhol Gairmeacha FSS le go bhfaighidh tú fógraí gach seachtain maidir le poist.

group of administration staff