Gairmeacha Leighis agus Fiaclóireachta

Cuid fíorthábhachtach den chóras sláinte iad na gairmithe Leighis agus Fiaclóireachta le cúram ardchaighdeáin dírithe ar an othar a chur ar fáil. Bíonn dochtúirí ag obair le tinneas a dhiagnóisiú agus a chóireáil, le riochtaí ainsealacha a bhainistiú agus le foirne ildisciplíneacha i láithreacha cliniciúla a threorú. Bíonn gairmithe fiaclóireachta ag díriú ar an tsláinte béil agus ar chúram coisctheach, athchóiritheach agus máinliachta a chur ar fáil chun cur le folláine iomlán othar.

Teastaíonn bunús láidir san eolas cliniciúil sa dá ghairm, mar aon le díograis don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus dúthracht don chleachtas eiticiúil. Is féidir sa dá ghairm tabhairt faoi shaol oibre dinimiciúil fiúntach agus deiseanna iontu don speisialtóireacht, taighde agus ceannaireacht.

Agus muid ag obair ar chnuasach conairí gairme don chatagóir seo, molaimid duit clárú ar Mhol Gairmeacha FSS le go bhfaighidh tú fógraí gach seachtain maidir le poist.