Cén tslí le bheith i mo Choslia?

Gairm sna heolaíochtaí sláinte is ea an chosliacht, a bhaineann le taighde, cos, diagnóis agus cóireáil i dtaca le míchuma, paiteolaíochtaí agus gortuithe coise agus struchtúr gaolmhar – de réir mar a bhaineann a leithéid leis an gcorp agus mar chomharthaí de ghalair shistéamacha. Bíonn siad ag obair chun soghluaisteacht, neamhspleáchas agus caighdeán beatha níos fearr a bhaint amach dá n-othair.

Tá cúpla bealach ann chun dul isteach i ngairm na Cosliachta:

  • BSc fochéime sa Chosmhíochaine
  • MSc sa Chosmhíochaine

Gheobhaidh tú eolas ar na cáilíochtaí faofa ón gcomhlacht rialála, is é sin CORU. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoin ngairm ar láithreán gréasáin Cosliacht Éireann agus ar láithreán gréasáin Thairseach na nGairmeacha.

Má bhain tú do cháilíocht amach i dtír eile seachas in Éirinn, gheobhaidh tú tuilleadh eolais anseo.

Podiatrist working with a patient

Do ról le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)

Agus tú cáilithe, beidh ort clárú le CORU, an comhlacht rialála do Ghairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta, Cosliacht san áireamh. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ar Láithreán gréasáin CORU.

Tá Coslianna mar chuid de lucht saothair cliniciúil a dtugtar Gairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta orthu agus a bhíonn ag obair mar fhoireann in éineacht le comhghleacaithe leighis agus altranais chun cúram cliniciúil, teiripeach agus sóisialta a chur ar fáil.

Agus iad ag obair in FSS, féadfaidh coslianna a bheith ag obair go neamhspleách, mar chuid de sheirbhís cosliachta níos mó, i bhfoirne speisialtóirí nó mar chuid d’fhoirne ildisciplíneacha i seirbhísí pobail nó ospidéil.

Féadfaidh coslianna a bheith ag obair i gcomhar le gairmithe sláinte go leor eile, cuir i gcás dochtúirí, altraí, fisiteiripeoirí, ortótaiceoirí, teiripeoirí saothair agus Gairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta eile, i measc neart eile.

Tá an-éagsúlacht ag baint le cleachtas coslia: paiteolaíocht craicinn agus ingne a bhainistiú, othair a bhfuil galar orthu atá in ann cur as d’inmharthanacht coise a bhainistiú, mar shampla diaibéiteas, galar soithíoch agus cúram créachtaí, anailís bhithmheicniúil agus choisíochta, gortuithe spóirt, péidiatraic agus gnáthaimh mháinliachta bheaga. Ní liosta uileghabhálach é seo.

Podiatrist working with a patient

Dul chun cinn gairme

Tá a lán bealaí ann le dul chun cinn a dhéanamh i do ghairm:

  • Dul ar aghaidh le bheith i do Choslia Sinsearach
  • Speisialtóireacht a dhéanamh i réimse faoi leith, cuir i gcás diaibéiteas, ortaipéidic, réamaiteolaíocht, duánach

Conair Forchéimnithe Gairme:

  • Coslia
  • Coslia Sinsearach
  • Speisialtóir Cliniciúil Cosliachta

Conair na Bainistíochta: 

  • Coslia Bainisteora
  • Coslia Bainisteora i bhfeighil III

Conair Oideachais

Tá deiseanna ann i róil oideachais chomh maith sna Gairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta ar fad.

Podiatrist working with a patient

Oiliúint agus forbairt bhreise

Oifig na nGairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta freagrach as Ceannaireacht, Oideachas agus Forbairt Ghairmiúil Leanúnach na ngairmithe sin atá ag obair in FSS.

HSeLanD an t-ainm atá ar thairseach FSS ar a bhfuil meascán de dheiseanna oiliúna agus forbartha a chuirtear ar fáil ar líne nó i socrú ranga. Is féidir eolas a fháil ar Oideachas agus Forbairt ar Thairseach HSCP ar www.hseland.ie.

Samplaí eile de ghníomhaíochtaí forbartha gairmiúla ná deiseanna chun seirbhísí iontacha leabharlainne FSS a úsáid, deiseanna breise oiliúna agus oideachais, deiseanna freastal ar chomhdhálacha, seimineáir ghréasáin agus ceardlanna, próiseas meantóireachta agus maoirseachta, an t-eolas is úire faoin ngairm i nuachtlitreacha speisialaithe, blaganna agus podchraoltaí.

Podiatrist working with a patient

Sochair foirne agus teistiméireachtaí

Sochar a bheidh agat agus tú ag obair mar fhostaí in FSS ná go mbeidh tú ag saothrú i ngairm atá fiúntach agus dúshlánach, agus níl ansin ach sochar amháin. Tairgimid pá agus sochair mhealltacha, maoirseacht ghairmiúil, tacaíocht ghairme agus deiseanna forbartha, comhghleacaithe cairdiúla agus caighdeán beatha iontach.

Féach Scálaí pá – Foireann FSS

Beidh teistiméireachtaí ó bhaill foirne againn go luath.

Podiatrist working with a patient