Gairm dhinimiciúil is ea an Teiripe Urlabhra agus Theanga, gairm a bhíonn de shíor ag athrú. Mar sin, beidh an deis agat difear fiúntach a dhéanamh i saol daoine agus i saol a dteaghlaigh agus a bpobail. Beidh deis agat dul i bpáirt le teiripeoirí urlabhra agus teanga in Éirinn agus saol níos fearr a fhorbairt do gach duine, óg agus aosta, a bhfuil riachtanais acu ó thaobh cumarsáide nó slogtha de nó a mbeidh riachtanais mar sin acu san am atá le teacht.
Tá cúpla bealach ann chun dul isteach sa ghairm:
- Céim onóracha BSc fochéime sa Teiripe Urlabhra agus Theanga
- Cúrsa ar Leibhéal 8 den CNC agus céim ollscoile MSc sa Teiripe Urlabhra agus Theanga
Tabharfaidh CORU, an rialálaí do ghairmithe cúraim sláinte agus shóisialta, eolas duit faoi na cáilíochtaí ceadaithe. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoin ngairm ar láithreán gréasáin Chumann na hÉireann um Theiripeoirí Urlabhra agus Teanga agus Tairseach na nGairmeacha.
Má bhain tú do cháilíocht amach i dtír eile seachas in Éirinn, gheobhaidh tú tuilleadh eolais anseo.