Gairm atá bunaithe ar chleachtas í an obair shóisialta, gairm ina gcuirtear an t-athrú sóisialta agus forbairt shóisialta chun cinn, ina mbítear ag tacú le cearta an duine. Is é an aidhm atá sa ghairm ná an chumhacht a thabhairt do dhaoine, grúpaí agus pobail ceannas a ghlacadh ar a saol féin ina dtimpeallacht agus comhthéacs sóisialta féin.
Tá cúpla bealach isteach ann chun bheith i d’oibrí sóisialta:
- Bunchéim BA san Obair Shóisialta nó Staidéar Sóisialta
- Cúrsa ar Leibhéal 8 den CNC chomh maith le Dioplóma Iarchéime sa Staidéar Oibre Sóisialta nó san Obair Shóisialta
- Cúrsa ar Leibhéal 8 den CNC chomh maith le MA san Obair Shóisialta
- Céim tríú leibhéal
- Clár Printíseachta FSS san Obair Shóisialta.
Gheobhaidh tú eolas ar na cáilíochtaí faofa ón gcomhlacht rialála, CORU. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoin ngairm ar láithreán gréasáin Cumann Oibrithe Sóisialta na hÉireann nó Tairseach na nGairmeacha.
Má bhain tú do cháilíocht amach i dtír eile seachas in Éirinn, gheobhaidh tú tuilleadh eolais anseo.