Cén tslí le bheith i m’Optaiméadraí?

Gairmithe cúraim sláinte iad optaiméadraithe a sholáthraíonn scrúdú cuimsitheach súl agus cúram cuimsitheach radhairc, athraonadh, spéaclaí a dháileadh, lionsaí tadhaill a chur isteach agus tinneas súl a bhrath, a dhiagnóisiú agus a bhainistiú ina measc.

Is í an cháilíocht a leanas an t-aon cháilíocht a cheadaítear faoi láthair chun clárú i gClár na nOptaiméadraithe:

  • Baitsiléir Eolaíochta san Optaiméadracht, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath

Gheobhaidh tú eolas ar na cáilíochtaí ceadaithe ón gcomhlacht rialála, is é sin CORU. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoin ngairm ar láithreán gréasáin Optometry Ireland nó ar Láithreán Gréasáin Thairseach na nGairmeacha.

Má bhain tú do cháilíocht amach i dtír eile seachas in Éirinn, gheobhaidh tú tuilleadh eolais anseo.

girl getting an eye test

Do ról le FSS

Agus tú cáilithe, beidh ort clárú le CORU, an comhlacht rialála do Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta, Optaiméadraithe san áireamh.

Tá optaiméadraithe mar chuid de lucht saothair cliniciúil ar a dtugtar Gairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta, a oibríonn mar chuid d’fhoirne ildisciplíneacha le dochtúirí, altraí agus gairmithe eile. Oibríonn optaiméadraithe le hothair de gach aois i moil oftailmeolaíochta FSS agus in ospidéil dheonacha.

Déanann optaiméadraithe riochtaí súl leanaí, cosúil le fiarshúilí agus aimblióipe, a bhainistiú. Bíonn baint acu i gclinicí do dhaoine fásta le cúram othar roimh agus i ndiaidh máinliacht catarachta, chomh maith le glácóma agus meath macúlach a bhainistiú.

child's eye

Dul chun cinn gairme

Tá Optaiméadraithe cláraithe atá cáilithe le 5 bliana anuas i dteideal cur isteach ar ról Optaiméadraí Chliniciúil in FSS.

Ceann de na gairmeacha lena dtacaíonn Oifig na nGairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta í an optaiméadracht.

Tá deiseanna ann i róil oideachais (Conair Oideachais) chomh maith sna Gairmeacha Sláinte agus Cúraim Shóisialta ar fad.

Woman getting an eye test

Oiliúint agus forbairt bhreise

Oifig na nGairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta freagrach as Ceannaireacht, Oideachas agus Forbairt Ghairmiúil Leanúnach na ngairmithe sin atá ag obair in FSS. Is iomaí dóigh atá ann chun cur leis na scileanna a theastaíonn don ról mar Optaiméadraí i suíomh faoi leith. Is féidir tabhairt faoi oiliúint iarchéime nó cúrsaí cliniciúla le hé sin a dhéanamh.

HSeLanD an t-ainm atá ar thairseach FSS ar a bhfuil meascán de dheiseanna oiliúna agus forbartha a chuirtear ar fáil ar líne nó i socrú ranga. Is féidir eolas a fháil ar Oideachas agus Forbairt ar Thairseach HSCP ar www.hseland.ie.

Samplaí eile de ghníomhaíochtaí forbartha gairmiúla ná deiseanna chun seirbhísí iontacha leabharlainne FSS a úsáid, deiseanna breise oiliúna agus oideachais, deiseanna freastal ar chomhdhálacha, seimineáir ghréasáin agus ceardlanna, próiseas meantóireachta agus maoirseachta, an t-eolas is úire faoin ngairm i nuachtlitreacha speisialaithe, blaganna agus podchraoltaí.

Female getting an eye test

Sochair foirne agus teistiméireachtaí

Sochar a bheidh agat agus tú ag obair mar fhostaí in FSS ná go mbeidh tú ag saothrú i ngairm atá fiúntach agus dúshlánach, agus níl ansin ach sochar amháin. Tairgimid pá agus sochair mhealltacha, maoirseacht ghairmiúil, tacaíocht ghairme agus deiseanna forbartha, comhghleacaithe cairdiúla agus caighdeán beatha iontach.

Féach Scálaí pá – Foireann FSS

Beidh teistiméireachtaí ó bhaill foirne againn go luath.

Lady trying on glasses