Baineann radagrafaithe diagnóiseacha feidhm as réimsí teicnící chun íomhá dhiagnóiseach ardchaighdeáin a fháil a chuirfidh eolas breise ar fáil agus gortú nó galar á dhiagnóisiú. Gné thábhachtach dá ról ná gur gá an tseirbhís seo a sholáthar ar bhealach atá sábháilte, cruinn agus rialaithe le gur féidir an baol don othar a laghdú ó thaobh nochtadh don radaíocht de.
Tá cúpla bealach ann chun dul isteach i ngairm na Radaiteiripe:
- Bunchéim BSc sa Radagrafaíocht
- Cúrsa ar Leibhéal 8 den CNC sna hEolaíochtaí nó i ndisciplín a bhaineann leis na hEolaíochtaí Sláinte chomh maith le MSc sa Radagrafaíocht Dhiagnóiseach
Tabharfaidh CORU, an rialálaí do ghairmithe cúraim sláinte agus shóisialta, eolas duit faoi na cáilíochtaí ceadaithe. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoin ngairm ar láithreán gréasáin Institiúid Radagrafaíochta agus Radaiteiripe na hÉireann nó Tairseach na nGairmeacha.
Má bhain tú do cháilíocht amach i dtír eile seachas in Éirinn, gheobhaidh tú tuilleadh eolais anseo.