Tá oibrithe tacaíochta ginearálta riachtanach le go mbeidh saoráidí cúraim sláinte ag feidhmiú go sábháilte gan aon deacracht. Agus iad ag obair i meascán réimsí, cuir i gcás lónadóireacht, glantóireacht, iompar agus cothabháil, bíonn siad ag obair le timpeallacht a fhorbairt inar féidir cúram othar ardchaighdeáin a sholáthar agus le go mbeidh na daoine go léir a úsáideann seirbhísí cúraim sláinte slán sábháilte agus ar a gcompord.
Teastaíonn saineolas praiticiúil, mionchruinneas agus an-dúthracht don tseirbhís sna róil seo. Ós rud é go gcloíonn siad le caighdeáin arda i bhfeidhmeanna riachtanacha seachas feidhmeanna cliniciúla, cuireann oibrithe tacaíochta ginearálta ar a gcumas d’fhoirne cliniciúla díriú ar a gcuid freagrachtaí lárnacha agus, dá bharr, cuireann siad go mór le héifeachtacht agus éifeachtúlacht iomlán an chórais sláinte.
Agus muid ag obair ar chnuasach conairí gairme don chatagóir seo, molaimid duit clárú ar Mhol Gairmeacha FSS le go bhfaighidh tú fógraí gach seachtain maidir le poist.