Cén tslí le bheith i mo Theiripeoir Saothair?

Gairm cúraim sláinte atá sa Teiripe Shaothair ina dtugtar tacaíocht do dhaoine atá ag plé le dúshláin fhisiciúla, chognaíocha, síceolaíochta agus shóisialta le go mbeidh siad in ann lántaitneamh a bhaint as an saol.

Tá cúpla bealach ann chun dul isteach i ngairm na teiripe saothair:

  • Céim onóracha BSc Fochéime sa Teiripe Shaothair
  • Cúrsa ar Leibhéal 8 den CNC agus céim ollscoile MSc sa Teiripe Shaothair
  • Céimeanna tríú leibhéal, conairí leanúnacha ón mBreisoideachas isteach san Ardoideachas.

Gheobhaidh tú eolas ar na cáilíochtaí ceadaithe ón gcomhlacht rialála, is é sin CORU. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoin ngairm ar láithreán gréasáin Chumann Teiripeoirí Saothair na hÉireannTairseach na nGairmeacha.

Má bhain tú do cháilíocht amach i dtír eile seachas in Éirinn, gheobhaidh tú tuilleadh eolais anseo

Occupational Therapist working with a male patient

Do ról le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)

Agus tú cáilithe, beidh ort clárú le CORU, an comhlacht rialála do Ghairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta, Teiripeoirí Saothair ina measc.

Tá Teiripeoirí Saothair mar chuid de lucht saothair cliniciúil a dtugtar Gairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta orthu agus a bhíonn ag obair mar fhoireann in éineacht le comhghleacaithe leighis agus altranais chun cúram cliniciúil, teiripeach agus sóisialta a chur ar fáil.

Cuidíonn teiripeoirí saothair le daoine na gnáthrudaí a bhíonn le déanamh acu a dhéanamh nuair a bhuaileann breoiteacht, míchumas nó eachtraí a athraíonn an saol iad.

Agus tú i do theiripeoir saothair, tabharfaidh tú aire d’othair de gach aois, do theaghlaigh, do ghrúpaí agus do phobail i ngach cineál áite cúraim. D’fhéadfá a bheith ag obair in ospidéal, i seirbhís pobail, seirbhís míchumais, in áit chónaithe an duine, i seirbhís meabhairshláinte, teach cúraim nó in ionad athshlánúcháin.

Déanann teiripeoirí saothair saineolas a fhorbairt i réimsí cuir i gcás athshlánú fisiciúil, meabhairshláinte, míchumas intleachtúil, péidiatraic nó seirbhísí do dhaoine scothaosta.

Occupational Therapist working with a boy

Dul chun cinn gairme

Tá a lán bealaí ann le dul chun cinn a dhéanamh i do ghairm:

  • Dul ar aghaidh le bheith i do Theiripeoir Saothair Sinsearach nó speisialtóir cliniciúil
  • Speisialtóireacht a dhéanamh a réimse faoi leith, cuir i gcás míchumas, uathachas, péidiatraic, meabhairshláinte
  • Dul le bheith ag obair san oiliúint nó sa bhainistíocht

Conair Forchéimnithe Gairme: Conair Chliniciúil

  • Teiripeoir Saothair ar Ghrád Foirne
  • Teiripeoir Saothair Sinsearach
  • Speisialtóir Cliniciúil sa Teiripe Shaothair

Conair na Bainistíochta

  • Teiripeoir Saothair Bainisteora
  • Teiripeoir Saothair Bainisteora i bhfeighil III
  • Bainisteoir Líona Míchumais na Leanaí
  • Bainisteoir Líonra Sláinte an Phobail

Conair Oideachais

Tá deiseanna ann i róil oideachais chomh maith  sna Gairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta ar fad.

health care professional assisting a woman painting a mug

Oiliúint agus forbairt bhreise

Oifig na nGairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta freagrach as Ceannaireacht, Oideachas agus Forbairt Ghairmiúil Leanúnach na ngairmithe sin atá ag obair in FSS. Is iomaí dóigh atá ann chun cur leis na scileanna a theastaíonn don ról mar Theiripeoir Saothair i dtimpeallacht faoi leith. Is féidir tabhairt faoi oiliúint iarchéime nó cúrsaí cliniciúla leis sin a dhéanamh.

HSeLanD an t-ainm atá ar thairseach FSS ar a bhfuil meascán de dheiseanna oiliúna agus forbartha a chuirtear ar fáil ar líne nó i socrú ranga. Is féidir eolas a fháil ar Oideachas agus Forbairt ar Thairseach HSCP ar www.hseland.ie.

Samplaí eile de ghníomhaíochtaí forbartha gairmiúla ná deiseanna chun seirbhísí iontacha leabharlainne FSS a úsáid, deiseanna breise oiliúna agus oideachais, deiseanna freastal ar chomhdhálacha, seimineáir ghréasáin agus ceardlanna, próiseas meantóireachta agus maoirseachta, an t-eolas is úire faoin ngairm i nuachtlitreacha speisialaithe, blaganna agus podchraoltaí.

Woman and a girl working together

Sochair foirne agus teistiméireachtaí

Sochar a bheidh agat agus tú ag obair mar fhostaí in FSS ná go mbeidh tú ag saothrú i ngairm atá fiúntach agus dúshlánach, agus níl ansin ach sochar amháin. Tairgimid pá agus sochair mhealltacha, maoirseacht ghairmiúil, tacaíocht ghairme agus deiseanna forbartha, comhghleacaithe cairdiúla agus caighdeán beatha iontach.

Féach Scálaí pá – Foireann FSS

Cliceáil ar na naisc thíos chun tuilleadh eolais a fháil ar róil dhifriúla atá sa Teiripe Shaothair:

Aoife – Teiripeoir Saothair Sinsearach, Foireann Líonra Míchumais na Leanaí

child playing with play dough