An bhfuil cúnamh airgeadais ar fáil chun cabhrú liom bogadh?

Tá! Cuirimid fáilte roimh iarratais ó iarrthóirí a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh d’Éirinn agus atá ag athlonnú chun glacadh le post buan nó sealadach ar feadh dhá bhliain ar a laghad chun leas a bhaint as an bPacáiste Athlonnaithe Earcaíochta Idirnáisiúnta. Tá suas le €4,160 ar fáil d’iarrthóirí atá ag athlonnú ó thíortha AE/Ríochta Aontaithe agus €4,710 d’iarrthóirí a bhogann ó thíortha taobh amuigh den AE chun cabhrú le costais eitiltí agus costais tosaigh lóistín. Tá costais tosaigh eile, amhail táillí víosa agus clárúcháin, iníoctha ar do shon, mar chuid den phacáiste. Ní mór gach iarratas a bheith ceadaithe ag do bhainisteoir. Le haghaidh na sonraí go léir agus incháilitheacht don phacáiste athlonnaithe cuimsitheach seo, íoslódáil an bhileog eolais seo