Cúntóir Sláinte agus Cúraim Shóisialta (Cúntóir Teiripe) – an Fhoireann Líonra Míchumais Leanaí

Príomhbhaill d’Fhoirne Líonra Míchumais Leanaí iad Cúntóirí Sláinte agus Cúraim Shóisialta (Cúntóirí Teiripe).

Cuireann Foirne Líonra Míchumais Leanaí saintacaíocht agus sainseirbhísí ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga atá a shine le 18 mbliana, a bhfuil riachtanais chasta sláinte acu a bhaineann lena míchumas.

93 Foireann ann atá faoi stiúir FSS agus a Eagraíochtaí Comhpháirtíochta – Cumas Éireann, Bráithre na Carthanachta, an Clinic Lárnach Íocshláinteach, Avista, Teach Naomh Mícheál, Fondúireacht Cope, Fondúireacht Naomh Gaibriéil, Fondúireacht Naomh Seosamh, Stewarts Care, agus CoAction.

Más spéis leat tosú ag obair leis na foirne seo i bpoist atá ar fáil faoi láthair nó a d’fhéadfadh teacht aníos amach anseo, cláraigh do spéis inniu!

children in a reading circle

Cé leis a mbeidh mé ag obair?

Tá go leor gairmithe cúraim sláinte i bhFoirne Líonra Míchumais Leanaí – Teiripeoirí Saothair, Fisiteiripeoirí, Diaitéitigh, Síceolaithe, Oibrithe Sóisialta agus Teiripeoirí Urlabhra agus Teanga ina measc.  Baill de na foirne seo ar a bhfuil ardmheas freisin iad Cúntóirí Sláinte agus Cúraim Shóisialta (Cúntóirí Teiripe).

Tugann Cúntóirí Sláinte agus Cúraim Sóisialta (Cúntóirí Teiripe) faoi ghnéithe de chúram cliaint a tharmligtear orthu agus soláthraíonn siad tacaíocht do Theiripeoirí Saothair, Fisiteiripeoirí agus do Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta eile.  Tugann siad faoi obair riaracháin eile chomh maith.

Bíodh sé go bhfuil tú ag tús do ghairme nó má tá tús curtha agat le d’aistear cheana féin, tacófar le d’fhorbairt phearsanta agus ghairmiúil.  Is iomaí deis a sholáthraímid duit chun cur le d’fhoghlaim. Glacann Foirne Líonra Míchumais Leanaí le cur chuige cleachtais atá dírithe ar an teaghlach.

Ciallaíonn seo go gcuirfidh tú aithne ar leanaí agus ar a dteaghlaigh, go gcuirfear ar an eolas thú ar a spriocanna agus go gcabhróidh tú leo gníomhaíochtaí laethúla a úsáid lena spriocanna a bhaint amach.

boy in wheelchair playing with a ball

Teistiméireacht agus Incháilitheacht

Cloisfimid ó Ailish agus Sinead, faoina dtaithí ag obair mar Chúntóir Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (Cúntóir Teiripe) ar Fhoirne Líonra Míchumais Leanaí faoi seach ag Enable Ireland, Corcaigh agus ag Tí Naomh Michéal, Baile Átha Cliath.

Tá áthas orainn freisin a chloisteáil conas Audrey Falvey agus Irina Jackson, Bainisteoirí Líonra Míchumais Leanaí, cur síos ar an tionchar a bhíonn ag Cúntóirí Sláinte agus Cúraim Shóisialta ar a bhfoirne agus ar an tacaíocht bhreise a chuireann siad ar fáil do na leanaí agus dá dteaghlaigh.

Cliceáil anseo le do thoil agus déan tagairt don fhaisnéis mhionsonraithe ar na critéir incháilitheachta agus ar na cáilíochtaí agus modúil QQI Leibhéal 5 a nglactar leo chun iarratas a dhéanamh ar ról mar Chúntóirí Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (Cúntóirí Teiripe).

Iarrthóirí Idirnáisiúnta – cliceáil anseo le teacht ar eolas ar cheadanna oibre / víosaí

Speech and Language therapist working with a child

Cláraigh do spéis

Cliceáil anseo agus seolfar foláireamh ríomhphoist gach seachtain chugat faoi fholúntais in FSS agus i roinnt eagraíochtaí comhpháirtíochta i do rogha ceantair. Ba cheart duit súil a chaitheamh freisin ar shuíomhanna gréasáin ár n-eagraíochtaí comhpháirtíochta chun teacht ar fholúntais bhreise.

Má tá íocaíocht Leasa Shóisialaigh á fáil agat faoi láthair agus más mian leat eolas a fháil lena dheimhniú an imreodh glacadh le fostaíocht tionchar ar an íocaíocht seo, cliceáil anseo chun teacht ar Mheastóir Sochair Oibre na Roinne Coimirce Sóisialaí.

Déan teagmháil linn ag workforce.disabilities@hse.ie má theastaíonn aon eolas breise uait.

CDNT website logo