Seo thíos an réimse dualgas a bhfuiltear ag súil leis agus a d’fhéadfaí a iarraidh ar an gCúntóir Cúraim Sláinte (Tacaíocht Bhaile); ní liosta cuimsitheach é seo ós rud é go bhféadfaidh athruithe a bheith ann bunaithe ar riachtanais shonracha na gcliant ag aon am ar leith.

  • Gach gné de chúram sláinte a chur ar fáil don chliant, lena n-áirítear cúnamh le héirí as an leaba nó dul isteach sa leaba, folcadh nó cithfholcadh a thógáil, maoirseacht ar úsáid an leithris de réir an Phlean Cúraim Tacaíochta Baile tarmligthe ag baill foirne chuí an FSS;
  • Cúram coinneálachta a bhainistiú, lena n-áirítear feisteas neamhchoinneálachta a dhiúscairt agus tuairisciú a dhéanamh ar aon athruithe i riocht an Chliaint do bhaill foirne chuí an FSS;
  • Meabhrú don chliant cógas a ghlacadh agus an cógas a bhailiú ón gcógaslann nuair a iarrtar é sa Phlean Cúraim Tacaíochta Baile.
  • Ionghabháil chothaithe an duine a fhaire, ag cinntiú go nglactar bia agus leachtanna de réir an Phlean Cúraim Tacaíochta Baile. Má bhíonn deacrachtaí leanúnacha ag an gcliant ag ithe nó ag ól, é seo a thuairisciú don mhaoirseoir: ní mór don mhaoirseoir an t-ábhar a thuairisciú do bhaill foirne chuí an FSS, agus é a thaifeadadh go cuí sa taifead cúraim;
  • Béilí a ullmhú má bhíonn sé seo mar chuid den Phlean Cúraim Tacaíochta Baile;
  • Cliaint a spreagadh le cleachtadh coirp a dhéanamh go neamhspleách, nuair is cuí. Fearais chuí shoghluaiseachta a úsáid agus an clár cleachtaidh coirp tairmligthe a dhéanamh de réir an Phlean Cúraim Tacaíochta Baile agus/nó de réir mar a ordaíonn na Gairmithe cuí Cúraim Sláinte
  • Faire a dhéanamh agus tuairisciú a dhéanamh ar aon athruithe sa tsláinte agus folláine ghinearálta agus sa tsláine chraicinn agus é seo a thuairisciú don mhaoirseoir: ní mór don mhaoirseoir an t-ábhar a thuairisciú do bhaill foirne chuí an FSS, agus é a thaifeadadh go cuí sa taifead cúraim;
  • Dualgais bhunriachtanacha tí a dhéanamh de réir an Phlean Cúraim Tacaíochta Baile chun timpeallacht shábháilte a choinneáil de réir mar a bhaineann sé leis an gcliant.
  • Seirbhís seisiún faoisimh baile a chur ar fáil nuair a iarrtar é go sonrach, de réir an Phlean Cúraim Tacaíochta Baile;
  • Siopadóireacht a dhéanamh do riachtanais chuí bhia nuair nach bhfuil aon tacaíocht eile ar fáil;
  • Doiciméadú a dhéanamh ar an gcúram a thugtar agus ar aon ábhair imní, agus iad seo a thuairisciú de réir mar is cuí don fhoireann ildisciplíneach.
  • Gach oiliúint éigeantach agus chuí a dhéanamh maidir leis an ról.
  • Teagmháil ghníomhach a dhéanamh leis an maoirseoir agus leis an mball den fhoireann ildisciplíneach.