Conairí Gairme Reatha le haghaidh Cúntóirí Cúraim Sláinte

Tá cur chuige déthaobhach ann i leith conairí gairme do Chúntóirí Cúraim Sláinte – ceartingearach agus cothrománach. Conair Cheartingearach Dul faoi oiliúint mar altra nó cnáimhseach Tá urraíocht ar fáil chun dul faoi oiliúint mar altra nó cnáimhseach do chúntóirí cúraim sláinte atá ag obair in eagraíochtaí FSS agus in eagraíochtaí alt 38 tríd an gclár urraíochta d’altraí. Chun bheith incháilithe don rogha seo, ní mór baint dhíreach a bheith ag an gcúntóir cúraim sláinte le cúram a thabhairt d’othair/do chliaint i gcomhthéacs altranais nó cnáimhseachais. Má éiríonn leis an iarratasóir, íoctar buntuarastal an duine sin fad a mhairfidh an clár céime altranais nó cnáimhseachais. Beifear ag súil go bhfillfidh iarratasóirí ar a ngnáthról taobh amuigh de na seimeastair acadúla fad a mhairfidh an clár. Conairí Cothrománacha Obair mar Chúntóir Cúraim Sláinte Ar an gconair seo, faigheann cúntóirí cúraim sláinte deiseanna chun bheith ag obair i réimse leathan éagsúil de róil mar chúntóirí cúraim sláinte in earnálacha éagsúla, cuir i gcás Géarchúram, Cúram Pobail, Meabhairshláinte, Daoine Scothaosta agus Míchumas. I dtimpeallacht an ghéarchúraim, beidh tú in ann dul i mbun oibre i ranna speisialaithe, mar shampla an Rannóg Éigeandála, Péidiatraic, Máithreachas agus san Obrádlann. Agus iad ag obair sna ranna speisialaithe seo, bunaithe ar an Anailís ar Riachtanais Oiliúna, de ghnáth bheifí ag dúil leis go dtabharfadh cúntóirí cúraim sláinte faoin modúl oiliúna a bhaineann go sonrach leis an earnáil, bíodh sé sin leis an Ionad Oideachais Altranais agus Cnáimhseachais nó le soláthraí príobháideach (i gcúinsí áirithe). Obair mar Chleachtóir Cúnta Cúraim Sláinte agus Shóisialta Tá líon áirithe ról mar Chleachtóir Cúnta Cúraim Sláinte agus Shóisialta ar fáil i líon beag disciplíní gairmiúla i seirbhísí ospidéil agus pobail. Roghanna eile iad seo do dhaoine a mbeadh fonn orthu tabhairt faoi ghairm mar Chúntóir Cúraim Sláinte. Bíonn éagsúlacht i gceist leis na riachtanais incháilitheachta – uaireanta bíonn na critéir mar an gcéanna le róil mar Chúntóir Cúraim Sláinte, uaireanta eile bíonn sé riachtanach modúil bhreise faoi leith a chur i gcrích. Tá méadú suntasach tagtha ar líon na ról atá ar fáil mar Chúntóir Teiripe Saothair agus Cúntóir Fisiteiripe chun tacú leis na moil don chúram siúlach (88 post nua sa dá bhliain atá le teacht). Róil reatha eile mar Chleachtóir Cúnta Cúraim Sláinte agus Shóisialta atá ar fáil ná Cúntóir Éisteolaíochta, Cúntóir Teiripe Urlabhra agus Teanga, agus Cúntóir Radagrafaíochta.