Tá Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann tar éis caighdeáin agus ceanglais a fhoilsiú do na cláir iarchláraithe agus cláir iontrála do chéimithe atá ar fáil faoi láthair in Éirinn san Altranas agus Cnáimhseachas.

https://www.nmbi.ie/Education/Standards-and-Requirements

I gcás altraí ar mian leo iarratas a dhéanamh ar chláir iarchláraithe i ndisciplíní faoi leith, ní mór dóibh na híoscheanglais iontrála a shásamh (cf. Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann) don chlár iarchláraithe atá roghnaithe acu agus cumas a bhaint amach i ngach réimse atá leagtha amach sa chlár.

Tá a mhodúil teoirice agus modúil chliniciúla féin ar gach clár iarchláraithe ar gá iad a chur i gcrích go sásúil le pas a bhaint amach.

Ní mór altraí a chur ar an mbeochlár ar cheann de na ranna altranais (Ginearálta, Síciatrach, Míchumas Intleachtúil) ag brath ar na caighdeáin agus na ceanglais atá leagtha amach don chlár iarchláraithe áirithe sin.

Beidh a phróiseas iarratais féin ag baint le gach clár (seans gur comhiarratas ar FSS agus an institiúid ardoideachais a bheidh i gceist).

D’fhéadfadh mic léinn a bheith i dteideal urraíocht a fháil má dhéanann siad na critéar incháilitheachta a shásamh (go sonrach don chlár).

Tá na roghanna iarchláraithe seo a leanas ar fáil faoi láthair

Altranas Leanaí (Ard-dioplóma, 12 mhí)

Cliceáil anseo le hamharc ar eolas ón eagraíocht Sláinte Leanaí Éireann i dtaobh staidéar iarchláraithe ar an altranas leanaí.

Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Cliceáil anseo le heolas agus forléargas a fháil ar an Ard-Dioplóma san Altranas Leanaí in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Cliceáil anseo le heolas agus forléargas a fháil ar an Ard-Dioplóma san Altranas Leanaí.

An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Cliceáil anseo le heolas agus forléargas a fháil ar an Ard-Dioplóma san Altranas Leanaí.

An Clár Oideachais chun clárú mar Chnáimhseach d’Altraí Ginearálta Cláraithe (18 mí – 2 bhliain ag brath ar an institiúid ardoideachais)

Cliceáil anseo le heolas a fháil faoin Ard-Dioplóma iarchláraithe sa Chnáimhseachas d’Altraí Ginearálta Cláraithe.

Cliceáil anseo le heolas a fháil faoi urraíocht don scéim urraíochta do chnáimhseacha faoi oiliúint (ONMSD)

Cliceáil anseo le heolas a fháil faoin Ard-Dioplóma iarchláraithe sa Chnáimhseachas d’Altraí Ginearálta Cláraithe in Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan.

Cliceáil anseo le heolas a fháil faoin Ard-Dioplóma iarchláraithe sa Chnáimhseachas d’Altraí Ginearálta Cláraithe i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Cliceáil anseo le heolas a fháil faoin Ard-Dioplóma iarchláraithe sa Chnáimhseachas d’Altraí Ginearálta Cláraithe sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Cliceáil anseo le heolas a fháil faoin Ard-Dioplóma iarchláraithe sa Chnáimhseachas d’Altraí Ginearálta Cláraithe in Ollscoil na Gaillimhe.

Cliceáil anseo le heolas a fháil faoin Ard-Dioplóma iarchláraithe sa Chnáimhseachas d’Altraí Ginearálta Cláraithe in Ollscoil Luimnigh.

Altranas Síciatrach/Meabhairshláinte (1 bhliain amháin)

Tá urraíocht ar fáil d’Altraí agus Cnáimhseacha ar mian leo tabhairt faoi chlár iarchéime Ard-Dioplóma chun bheith ag obair mar Altraí Meabhairshláinte.

Tá an cúrsa á sholáthar sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath faoi láthair.

Cliceáil anseo le tuilleadh eolais a fháil. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo

Altranas Sláinte Poiblí (1 bhliain amháin)

Tá urraíocht ar fáil d’altraí ginearálta atá cláraithe le Bord Altranais agus Cnáimhseachais ar mian leo dul faoi oiliúint mar altraí sláinte poiblí. Tá comhiarratas i gceist leis an gclár seo (FSS agus an institiúid ardoideachais). Tá an cúrsa seo á sholáthar ag 3 institiúid ardoideachais: Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Ollscoil na Gaillimhe.

Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoi na critéir cháilitheachta agus faoin bpróiseas iarratais.