Uimhir PSP a fháil

Más é seo do chéad uair ag obair in Éirinn, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP). Seo d’uimhir uathúil le haghaidh cúrsaí cánach agus gach sochar leasa shóisialaigh. Le haghaidh tuilleadh eolais ar uimhreacha PSP, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Coimirce Sóisialaí ag info@welfare.ie

Cén chaoi a n-aimseoidh mé áit le cónaí ann?

Ceannaíonn go leor daoine in Éirinn a dtithe féin, le cabhair ó iasacht nó morgáiste, ach tá cónaí ar mhórán daoine i lóistín ar cíos. Mar atá i bhformhór na dtíortha, tá an costas a bhaineann le ceannach nó le ligean ar cíos níos airde i gcathracha móra i gcomparáid le bailte beaga nó ceantair thuaithe. Molaimid duit tosú ag iarraidh do lóistín a chinntiú chomh luath agus is féidir mar ullmhúchán don aistriú go hÉirinn mar is minic go mbíonn go leor iomaíochta ann do thithíocht, go háirithe sna bailte móra agus sna cathracha. Iarrfar ort éarlais urrúis a chur ar fáil sula mbogann tú isteach sa lóistín. Coinníonn an tiarna talún an éarlais seo mar urrús chun aon riaráistí cíosa, billí atá dlite nó damáiste thar gnáthchaitheamh agus cuimilt ag deireadh na tionóntachta a chlúdach. De ghnáth beidh ort cíos míosa a íoc roimh ré. Le tuilleadh eolais a fháil, cliceáil anseo.

Cuntas bainc a oscailt

Is féidir leat cuntas reatha a úsáid chun do chuid airgid a bhainistiú ó lá go lá. Chun cuntas bainc a oscailt is iondúil go ndéanann tú iarratas i mbrainse nó ar líne. Caithfidh tú cruthúnas aitheantais a sholáthar agus do sheoladh a fhíorú. Le comhairle a fháil ar an gcaoi leis an mbanc agus cuntas ceart a roghnú do do chuid riachtanas, cliceáil anseo