Riachtanas maidir le Víosa Fostaíochta

Náisiúnaigh LEE

Ní theastaíonn ceadanna oibre/víosaí/údaruithe ó náisiúnaigh na hÉireann, na Ríochta Aontaithe (an RA) agus an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (an LEE) le hobair in Éirinn. Is iad seo a leanas tíortha an LEE:

an Ostair, an Bheilg, an Chróit, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, Éire, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, an Phortaingéil, an Spáinn, an tSualainn, Poblacht na Cipire, Poblacht na Seice, an Eastóin, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Pholainn, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Iorua, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Eilvéis, an Bhulgáir agus an Rómáin.
Iarratasóirí nach de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch iad a Chónaíonn laistigh d’Éirinn
Beidh ort an cháipéisíocht scanta seo a leanas a sheoladh chun gur féidir linn d’iarratas a phróiseáil:

  • Cóip scanta de do phas ar a dtaispeántar d’aitheantas, i.e. an chéad leathanach de do phas ar a dtaispeántar do ghrianghraf agus do shonraí pearsanta agus stampa reatha inimirce a thaispeánann go bhfuil cead agat a bheith sa Stát seo.

AGUS

  • Cóip scanta de do Chead Cónaithe Éireannach (CCÉ) (tugadh cárta an GNIB air roimhe seo) ar a dtaispeántar Stampa 1, 1G, Stampa 4/ 4EUfam, Stampa 5
     Nó
    Cóip scanta de do Chead Cónaithe Éireannach (CCÉ) (tugadh cárta an GNIB air roimhe seo) ar a dtaispeántar Stampa 3 agus cóipeanna scanta den mhéid seo a leanas:
    – Deimhniú Pósta/Páirtnéireachta Sibhialta
             Agus
    – Pas do chéile ar a dtaispeántar aitheantas agus stampa reatha inimirce agus cárta reatha CCÉ/GNIB do chéile ar a dtaispeántar Stampa 1, 1G, 4 nó 5

    Má tá Stampa 2 ag do chéile ar mhaithe le staidéar PhD a dhéanamh, cuir cóip de phas do chéile san áireamh ar a dtaispeántar aitheantas agus stampa reatha inimirce agus cárta reatha CCÉ/GNIB do chéile ar a dtaispeántar Stampa 2 agus fianaise dhoiciméadach ón institiúid ábhartha    oideachais ina dtaispeántar gur mac léinn PhD é nó í.

Ní dhéanfar breithniú ach ar iarratais a sheoltar leis an gcáipéisíocht thuas.

Chun teacht ar bhreis sonraí ar thíortha LEE, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta www.djei.ie nó tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin na Roinne Dlí agus Cirt chun teacht ar eolas ar víosa Fostaíochta.

Tabhair do d’aire:
Fáiltíonn FSS roimh iarratais ó Náisiúnaigh Neamh-LEE atá cáilithe go cuí agus a bhfuil stádas dídeanaí acu. Bheimis buíoch dá gcuirfeadh na hiarratasóirí siúd fianaise dhoiciméadach ar fáil a dheimhníonn a stádas.