Cén fáth Éire

Tá meascán speisialta de bhailte agus de chathracha nua-aimseartha, bríomhara in Éirinn, iad ar fad taobh istigh d’achar inrochtana ar chuid den radharcra is maorga agus gníomhaíochtaí is fearr fóillíochta faoin aer ar domhan.

Ní bhíonn an ceol, litríocht, ealaíon ná béaloideas i bhfad ar shiúl in am ar bith.

Spreagann áilleacht nádúrtha na hÉireann daoine le tabhairt faoi ghníomhaíochtaí amuigh faoin aer—dreapadóireacht, rothaíocht agus spóirt uisce, cuir i gcás.

Cuireann Éire na Linne Seo saol sóisialta cultúrtha bríomhar ar fáil le hamharclanna, músaeim, gailearaithe ealaíne, bialanna agus saol oíche bríomhar.

Céad míle fáilte

Moltar na hÉireannaigh as a gcairdiúlacht, agus bíonn atmaisféar croíúil fáilteach ann, áit a bhfuil cáil ar mhuintir na háite as a n-oscailteacht agus a dtoilteanas cuidiú lena chéile.

Sochaí nua-aimseartha agus ilchultúrtha í Éire, le daonra óg. Le scór bliain anuas, tá na mílte duine as gach cearn den domhan tar éis lonnú in Éirinn. Léiríodh i nDaonáireamh 2016 go ndearna 200 náisiúntacht éagsúil Éire a n-áit chónaithe, arb ionann é agus beagnach 13% den daonra iomlán.

Ní bheidh sé deacair na bianna atá ar eolas agat agus a bhfuil grá agat dóibh a fháil, bualadh le cairde nua ó do thír nó do chultúr féin, chomh maith le cairde nua Éireannacha a dhéanamh. Tá go leor pobail agus cumann idirnáisiúnta ann chun cabhrú le daoine nascadh, sóisialú agus líonrú.

Irish musicians playing on a street

Aimsigh do chothromaíocht oibre is saoil anseo

Cúiteofar luach saothair leat le neart deiseanna chun do ghairm bheatha a chur chun cinn i seirbhís sláinte nuálach agus nua-aimseartha, agus ag an am céanna taitneamh a bhaint as caighdeán maireachtála breá mar chuid dár n-eagraíocht.

De bharr caighdeáin mhaireachtála den scoth, mar aon le cúram sláinte, oideachas agus seirbhísí sóisialta, tá Éire ard go seasta in innéacsanna caighdeán maireachtála. I rangú 2022 na Náisiún Aontaithe as 189 tír, cuireadh Éire san ochtú háit maidir le caighdeán maireachtála, agus tá ionchas saoil 82 bliain aici, an ceann is airde san AE.

Tá clú air mar thír na n-ollúna, agus tá sé rangaithe faoi láthair sa 9ú háit as 201 tír i gCórais Oideachais is Fearr an Domhain.

Ní bhítear riamh rófhada ó bhaile

Is mol mór í Éire idir an Eoraip agus an chuid eile den domhan. Tá cúig aerfort idirnáisiúnta sa tír, mar sin is féidir Londain, Frankfurt nó Amstardam a bhaint amach taobh istigh de dhá uair an chloig.

Imíonn eitiltí eile go minic le dul díreach chuig áiteanna ar fud an domhain.

Tá báid farantóireachta paisinéirí rialta idir Éirinn agus an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc agus an Spáinn.

Image of flights out of Ireland

An bhfuil cúnamh airgeadais ar fáil chun cabhrú liom bogadh?

Tá! Cuirimid fáilte roimh iarratais ar an bPacáiste Athlonnaithe Earcaíochta Idirnáisiúnta ó iarrthóirí a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh d’Éirinn agus atá ag athlonnú in Éirinn chun glacadh le post buan nó sealadach ar feadh dhá bhliain ar a laghad.

Tá suas le €4,160 ar fáil d’iarrthóirí atá ag athlonnú ó thíortha AE/Ríochta Aontaithe agus €4,710 d’iarrthóirí a bhogann ó thíortha taobh amuigh den AE chun cabhrú le costais eitiltí agus costais tosaigh lóistín. Tá costais tosaigh eile, amhail táillí víosa agus clárúcháin, iníoctha ar do shon, mar chuid den phacáiste.

Ní mór gach iarratas a bheith ceadaithe ag do bhainisteoir.

Le dul chuig na sonraí go léir faoin bpacáiste cuimsitheach athlonnaithe seo, incháilitheacht san áireamh, is féidir cliceáil ar an nasc seo.

family unpacking a removal truck