Plean áitiúil ionduchtúcháin

Sna seachtainí roimh do lá tosaigh oibre, seans go bhfaighidh tú eolas faoin bplean áitiúil ionduchtúcháin agus aon tréimhse oiriúnaithe a bheidh ann más rud é gur cuireadh in iúl duit sa phróiseas earcaíochta go mbeadh a leithéid ann.

Seans go dtabharfar sonraí duit sa phlean áitiúil ionduchtúcháin faoin dáta tosaigh, cá háit le dul, éadaí oiriúnacha, cé a bhuailfidh leat agus faoin méid a bheidh romhat. Seans go mbeidh cóip de do chlár ama ann, amanna do chuid sealanna oibre agus ainm na rannóige ina mbeidh tú ag obair.

Seans fosta go mbeidh eolas ann faoin gceantar, mar shampla cúrsaí taistil agus áiteanna le bia a fháil.

group of people in a meeting

Cruinniú ar líne

Seans go mbeidh deis agat aithne a chur ar chuid de do bhainisteoirí nua agus le d’fhoireann nua ar chruinniú ar líne.

Seo bealach deas chun bualadh le do bhainisteoir nua agus le daoine eile a bheidh ag tosú san am céanna leat féin.

Deis bhreá atá ann le ceisteanna a chur nó le haithne a chur ar an bhfoireann. Seans nach mbeidh tú chomh neirbhíseach céanna ar an gcéad lá dá bharr.

online meeting

Déan teagmháil linn

Má bhíonn aon cheisteanna agat faoi do ról nó faoin méid atá le déanamh agat roimh ré, is féidir dul i dteagmháil leis an bpointe teagmhála. Tabharfaidh bainisteoir do sheirbhíse ainm an duine sin duit.

Seans gur uimhir theileafóin no seoladh ríomhphoist a bheidh ann. Ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh leis an duine má bhíonn aon cheisteanna agat. Tá an pointe teagmhála sin ann le féachaint chuige go bhfuil tú féin breá sásta agus ullamh don dáta tosaigh.

woman holding a phone