Clárú ar an tairseach foghlama

Molaimid duit clárú ar HSELAND, tairseach oiliúna ar líne FSS.

Acmhainn ar dóigh atá ann agus is ansin a gheobhaidh tú neart cláir ríomhfhoghlama, measúnuithe agus uirlisí pleanála a chuideoidh leat agus tú ag obair linn in FSS.

Más seo an chéad uair duit an acmhainn seo a úsáid, beidh agat le cuntas a chruthú.

Tá cabhair ar fáil ar an leathanach cabhrach clárúcháin má bhíonn aon deacracht agat cuntas a shocrú.

man working on a laptop

Eolas ar chúrsaí oiliúna

Seans go n-iarrfaidh d’fhostóir ort freastal ar liosta cúrsaí éigeantacha oiliúna. Ní bheidh na cúrsaí céanna le déanamh ag gach duine. Beidh sé sin ag brath ar an réimse oibre.

Agus tú cláraithe ar HSELAND, feicfidh tú ansin liosta na gcúrsaí oiliúna éigeantacha atá le déanamh ag gach ball foirne in FSS. Samplaí de na cúrsaí éigeantacha seo ná “Tús Áite do Leanaí”, oiliúint feasachta ina gcuirtear sábháilteacht agus folláine leanaí chun cinn, agus “Dínit san Ionad Oibre” ina leagtar béim ar mheas a léiriú agus muid ag plé le daoine eile san ionad oibre agus ar chiapadh a chosc. Gné eile atá fíorthábhachtach ná an fheasacht ar chúrsaí cibearshlándála le go mbeidh oibrithe in ann sonraí rúnda othar a chosaint.

Níl anseo ach cuid de na cláir éigeantacha lena chinntiú go mbeidh fostaithe FSS in ann cúram a sholáthar de réir na gcaighdeán is airde dá bhfuil ann.

e-learning touch screen

Mol iStart

Is ar mhol i-START a gheobhaidh tú an buneolas ar líne chun tosú ag obair i seirbhísí cúraim sláinte agus shóisialta in Éirinn.

Tá an mol seo ann chun cuidiú leat dul i dtaithí ar do ról nua nó áit nua oibre linn agus cúram ardchaighdeáin a thabhairt de réir na gcaighdeán is airde dá bhfuil ann.

Tá eolas úsáideach breise duit i ngach modúl.

Cabhair mhór a bheadh ann dá bhféadfá modúil 1-3 i mol i-START ar HSELAND a léamh roimh do chéad lá oibre. Tá a lán comhairle phraiticiúil ansin chun tú féin a dhéanamh réidh don chéad lá sa ról úr.

 

HSE Start hub tiles

Lámhleabhar na bhFostaithe

Seo am maith chun an Cód Iompair agus Lámhleabhar na bhFostaithe a léamh. Tabharfaidh na téacsanna seo tuiscint níos fearr duit ar FSS agus faoin méid is féidir lenár bhfostaithe a bheith ag dúil leis agus, lena chois, an méid a mbímid ag dúil leis uathusan.

Tá eolas i Lámhleabhar na bhFostaithe chun treoir a thabhairt duit i do chuid oibre agus chun téarmaí agus coinníollacha na fostaíochta a thuiscint.

Is é is príomhchuspóir don Chód Iompair ná sábháilteacht na ndaoine a úsáideann seirbhísí cúraim sláinte agus shóisialta FSS a chinntiú agus, san am céanna, iarracht a dhéanamh caighdeán na seirbhísí céanna a fheabhsú i rith an ama.

building blocks