Ár nDaoine in Ospidéal Ollscoile Luimnigh

5 Nóiméad le Joanne Nally, Príomhchógaiseoir II (Seirbhísí Ailse)

Más spéis leat obair mar Chógaiseoir in Ospidéal Ollscoile Luimnigh (UHL), cliceáil anseo

Cén chaoi a dtosaíonn do lá?

Tosaím mo lá ag a hocht a chlog ar maidin ag cruinniú tapa foirne le mo chomhghleacaithe. Pléimid an plean agus na tosaíochtaí don lá. Déanaimid cinneadh cé a bheidh i gceannas ar chruinnithe barda, cruinnithe ildisciplíneacha, oideas a dheimhniú agus cé a bheidh ar dualgas inár n-aonad aiseipteach a dhéanfaidh ár dtáirgeadh ceimiteiripe a bhainistiú don lá. Déanaimid achoimre ar aon cheisteanna nó saincheisteanna nár réitíodh a tháinig chun solais an lá roimhe sin agus déanaimid iad a fhiosrú.

Rachaidh mé i gcomhairle freisin le mo chomhghleacaithe teicneora cógaisíochta agus caithfidh mé súil ar a bpleananna agus a dtosaíochtaí don lá amach romhainn.

Inis dúin faoin bhfoireann a n-oibríonn tú leo.

Oibrím le foireann iontach cógaiseoirí agus teicneoirí a bhfuil saineolas acu i limistéar an táirgthe agus an tsoláthair ceimiteiripe.

Tá ár n-aonad aiseipteach bunaithe laistigh den rannóg cógaisíochta níos fairsinge, mar sin éiríonn liom casadh agus idirchaidreamh a dhéanamh le comhghleacaithe eile cógaiseora agus teicneora a oibríonn i limistéir eile an ospidéil. Is áisiúil i gcónaí bualadh leis na comhghleacaithe seo agus na rudaí nua i speisialtachtaí eile a fhoghlaim.

Oibrím le foireann fhairsing ildisciplíneach ar fud na stiúrthóireachta seirbhísí ailse ina bhfuil comhghleacaithe míochaine agus altranais agus go leor gairmithe sláinte gaolmhara eile.

Céard a tharlaíonn ar ghnáthlá oibre?

Tosaím mo ghnáthlá le cruinniú gearr foirne le mo chomhghleacaithe eile cógaiseora seirbhísí ailse.

Freastalaím ina dhiaidh sin ar chruinniú an bharda othar cónaitheach chun plé a dhéanamh ar na hothair chónaitheacha go léir atá ann faoi láthair agus ar aon cheisteanna a d’fhéadfadh a bheith acu faoi cheimiteiripe. Tabharfaidh mé ansin faoi na ceisteanna sin a réiteach, nuair is féidir. Pleanálaim an cheimiteiripe freisin a bheidh le tabhairt do na hothair chónaitheacha an lá sin le bainisteoir an bharda agus leis an bhfoireann leighis.

Freastalaím ina dhiaidh sin ar an mbarda lae haemaiteolaíochta/oinceolaíochta agus cinntím go bhfuil an cheimiteiripe go léir don lá ag leanúint ar aghaidh mar a pleanáladh agus déileálaim le haon cheisteanna nó saincheisteanna a d’fhéadfadh teacht chun solais.

Mar chógaiseoir seirbhísí ailse, b’fhéidir go mbeadh orm cuid den lá a chaitheamh freisin leis an aonad aiseipteach a bhainistiú agus le ceimiteiripe a tháirgeadh don lá. Is éard a bhaineann leis seo obair go dlúth le mo chomhghleacaithe teicneora lena chinntiú go mbainistítear an tseirbhís seo go héifeachtúil.

Mar chuid de mo lá freisin pleanálfaidh mé ceimiteiripe don tseachtain amach romhainn agus cinnteoidh mé go ndéanann cógaiseoir atá oilte i seirbhísí ailse na hoidis cheimiteiripe go léir a dheimhniú go cliniciúil.

Mar Phríomhchógaiseoir II sa limistéar, bíonn baint mhór agam freisin i mbainistíocht, déileáil le ceisteanna foirne de réir mar a thagann siad chun solais, uainchláir, sceidealú, agus le bainistíocht chliniciúil ina measc, cosúil le cruinnithe an choiste chíteatocsainigh, seirbhísí nua cógaisíochta a fhorbairt, a chinntiú go bhfuil gach beartas agus prótacal cothrom le dáta agus go ndírítear go leanúnach san aonad ar chúram sábháilte othar agus ar cheimiteiripe a sholáthar agus a tháirgeadh go sábháilte.

Céard a spreagann thú i do chuid oibre?

Spreagann an tslí go ndírím go mór i m’obair ar cheimiteiripe a sholáthar go sábháilte agus go héifeachtúil do gach othar a fhreastalaíonn ar Ionad Ailse an Mheán-Iarthair Láir mé agus go ndéanaimid difear dearfach gach lá d’othair atá ag tabhairt faoi chóireáil cheimiteiripe.

Céard é an rud is mó a thaitníonn leat faoi do ról?

Taitníonn sé liom go bhfuil mo phost i limistéar an-speisialaithe agus ar leith a lig dom saineolas a fhorbairt i limistéar na cóireála ailse agus tionchar dearfach a imirt ar chúram othair ailse.

Taitníonn sé liom freisin go mbíonn mo ról difriúil ar bhonn laethúil agus nach mbíonn aon dá lá mar an gcéanna. Tugtar deis dom obair le comhghleacaithe iontacha san fhoireann cógaisíochta agus san fhoireann ildisciplíneach seirbhísí ailse níos fairsinge freisin.

Cén chomhairle a thabharfá do dhuine atá ag smaoineamh ar ghairm bheatha i bhfoireann na Rannóige Cógaisíochta?

Mholfainn go mór d’aon chógaiseoir smaoineamh ar ról in UHL. Ról thar a bheith éagsúil é agus is féidir leis deis a thabhairt duit obair i roinnt speisialtachtaí éagsúla. Is féidir leat cur go mór le d’eolas cliniciúil trí fhoghlaim ó thaithí comhghleacaithe eile, obair le comhghleacaithe eile ildisciplíneacha ar fud an ospidéil nó deiseanna breise staidéir nó oiliúna a thapú.

Baineann réimse agus éagsúlacht fhairsing le ról an chógaiseora ospidéil agus is ról é a chuireann go mór le sábháilteacht chógais agus le cúram othar sábháilte, i ndeireadh na dála.