Cuireann FSS an Iarthair Láir seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta ar fáil ar fud an Chláir, Luimnigh agus Thiobraid Árann Thuaidh, ina gcuirtear deiseanna tairbheacha gairme beatha ar fáil i suíomhanna éagsúla – seirbhísí pobail, ospidéil ghéarmhíochaine agus an earnáil dheonach.
Cinntíonn ár seirbhísí cúraim sláinte pobail go dtugtar an cúram ceart do dhaoine san áit cheart, ag an am ceart agus ag an bhfoireann cheart. Tá líonra Ionaid Chúraim Phríomhúil agus foirne tiomnaithe ann sa mheabhairshláinte, sláinte agus folláine, cúram sóisialta agus i seirbhísí míchumais, agus cuirimid cúram bunriachtanach ar fáil i suíomhanna éagsúla, cosúil le háiteanna cónaithe daoine, ospidéil lae, aonaid altranais pobail, brúnna, cúram faoisimh agus seirbhísí cónaithe.
Tá sé ospidéal géarmhíochaine inár réigiún, ina gcuirtear réimse iomlán seirbhísí ar fáil, cúram éigeandála agus sceidealaithe, cúram othar cónaitheach, seirbhísí máithreachais, clinicí othar seachtrach, diagnóisic agus sainchóireálacha ina measc. Le tuilleadh eolais a fháil ar á n-ospidéil, cliceáil anseo.
Táimid tiomanta don sármhaitheas i gcúram sláinte trí thaighde, oideachas agus nuálaíocht leanúnach. Cinntíonn ár gcomhoibriú le hOllscoil Luimnigh agus leis an Acadamh Eolaíochtaí Sláinte ag Ospidéal Ollscoile Luimnigh (UHL) go mbíonn teacht ag ár bhfoireann ar oiliúint cheannródaíoch, ar fhorbairt ghairmiúil agus ar dheiseanna chun dul chun cinn a dhéanamh ina ngairmeacha beatha.
Caith súil ar ár ngné ‘Spotsolas ar Réigiúin’, atá tiomnaithe d’Ospidéal Ollscoile Luimnigh