Fáilte chuig FSS Bhaile Átha Cliath agus an Oirdheiscirt

Is cinnte go bhfuil go leor ar fáil i mBaile Átha Cliath agus Oirdheisceart na hÉireann, áit a bhfuil sliabhraonta sceirdiúla, fad 350km d’imeallbhord órga agus stair a ghabhann siar 5,000 bliain. Agus tá an méid seo uile suite i ngar do na bailte agus na cathracha beoga feadh an chósta thoir.

Ní bheidh easpa rudaí le déanamh riamh ort anseo in ‘Oirdheisceart na Gréine’. Cuirtear an deis ar fáil ar thránna Brataí Goirme cadhcáil, surfáil, snorcláil, clárchéaslóireacht, iascaireacht, snámh agus marcaíocht capall a dhéanamh nó díreach siúl ar do sháimhín só ar chladach álainn. Is féidir leat an t-am a chaitheamh freisin leis an ngréasán glasbhealaí, uiscebhealaí agus bealaí sléibhe a fhiosrú.

Tá stair shaibhir na hÉireann greanta ar gach áit sa réigiún, idir oidhreacht Lochlannach Bhaile Átha Cliath agus Phort Láirge agus daingean meánaoiseach Chill Chainnigh, agus mórgacht Charraig Phádraig ar thaobh cnoic i dTiobraid Árann.

Rock of Cashel

Cé muid féin

Cuireann Réigiún Sláinte FSS Bhaile Átha Cliath agus an Oirdheiscirt seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta ar fáil i gCeatharlach, Cill Chainnigh, Baile Átha Cliath Thoir Theas, Tiobraid Árann Theas, Port Láirge, Loch Garman agus Cill Chainnigh Thoir.

Is iad Seirbhísí Cúraim Sláinte Pobail an réimse fairsing seirbhísí atá ar fáil i suíomh ospidéil neamh-ghéarmhíochaine, a sholáthraítear a ghaire agus is féidir d’áiteanna cónaithe daoine ag an am ceart, san áit cheart, ag an bhfoireann cheart.

Tá 70 Ionad Cúraim Phríomhúil sa Réigiún agus oibríonn sainfhoirne i Meabhairshláinte, Sláinte agus Folláine, Cúram Sóisialta agus Seirbhísí Míchumais. Cuirtear seirbhísí ar fáil i suíomhanna éagsúla, áit féin an úsáideora seirbhíse, ospidéil lae, aonaid altranais pobail, brúnna, ionaid sainchúraim lae, ionaid oiliúna, cúram faoisimh, agus seirbhísí cónaithe ina measc.

Tá 11 ospidéal géarmhíochaine sa réigiún agus i measc na seirbhísí a sholáthraítear, tá cúram sceidealaithe othar cónaitheach, cúram neamhsceidealaithe/éigeandála, seirbhísí máithreachais, seirbhísí othar seachtrach agus seirbhísí diagnóiseacha. Chun teacht ar eolas breise ar na hospidéil, cliceáil anseo

Ag teacht aníos go luath – ár ngné ‘Spotsolas ar Réigiúin’.

nurse with a patient

Ealaíona agus cultúr

Tá saibhreas ealaíne agus cultúir sa réigiún seo, ina gcuirtear réimse éagsúil eispéireas ar fáil a dhéanann ceiliúradh ar a oidhreacht ealaíonta agus ar a thábhacht stairiúil.

Tá an tOirdheisceart ar cheann de na háiteanna is mó tóir le cuairt a thabhairt air in Éirinn, a bhuíochas leis an gcultúr beoga agus éagsúil a chuirtear i láthair ann, leis na nithe is díol spéise atá ann agus leis na bialanna den chéad scoth atá ann ina ndáiltear toradh áitiúil úr.

Tá na Cluichí Gaelacha náisiúnta, go háirithe an iománaíocht, ina ndlúthchuid den saol anseo. Tá cáil ar an réigiún seo freisin i ngeall ar na foirne sacair agus rugbaí atá ann, agus cuireann réimse iontach áiseanna spóirt leo.

Anuas ar go leor spóirt uisce, bealaí rothaíochta agus siúil, tá roinnt de na galfchúrsaí is fearr sa tír sa réigiún méith glas seo.

Waterford greenway

Nascacht

Is féidir leat taisteal go hAerfort Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath laistigh d’achar uair an chloig nó dhó ó fhormhór na n-áiteanna sa réigiún. Cuirtear eitiltí ar fáil ansin duit go dtí an Ríocht Aontaithe, na Stáit Aontaithe agus go dtí an Eoraip.

Cuirtear seirbhísí farantóireachta ar fáil go rialta ó Ros Láir i gContae Loch Garman go dtí an Bhreatain, an Fhrainc agus an Spáinn.

Freastalaíonn gréasán traenacha agus busanna rialta ar an Oirdheisceart a iompróidh ar fud na hÉireann thú.

Hook lighthouse, Wexford