Fáilte chuig FSS Bhaile Átha Cliath agus an Oirthuaiscirt

Tá meascán iontach de lárionaid ghnóthacha uirbeacha agus de stair ársa in Oirthuaisceart na hÉireann, a shíneann ó bhruacha Abhainn na Life i lár Chathair Bhaile Átha Cliath, go dtí an teorainn le Tuaisceart Éireann, agus siar go dtí an teorainn le Contae Dhún na nGall.

Tá rogha fhairsing iliomad bailte bríomhara breactha ar fud an cheantair cósta, cosúil le Mullach Íde, Sord, Droichead Átha, Dún Dealgan, an Cabhán agus Muineachán, agus ní bheifear ar an ngannchuid ach oiread ó thaobh nithe dochreidte is díol spéise. Tá an suíomh réamhstairiúil is tábhachtaí in Éirinn, Sí an Bhrú, suite sa réigiún, suíomh atá níos sine ná Pirimidí na hÉigipte.

Tá sráidbhailte gleoite cois farraige ann, cosúil le Cairlinn agus na Sceirí, is ionann an líon lochanna sa Chabhán agus an líon laethanta sa bhliain, agus tá sliabhraonta sceirdiúla agus tírdhreacha rollacha Ghleann na Bóinne ann chomh maith.

Newgrange, Meath

Cé muid féin

Cuireann FSS Bhaile Átha Cliath agus an Oirthuaiscirt sláinte agus cúram sóisialta ar fáil i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, Lú, an Mhí, Muineachán agus i bhformhór cheantair an Chabháin, trí sheirbhísí pobail, trí shuíomhanna géarmhíochaine agus trí sheirbhísí na hearnála deonaí.

Is iad Seirbhísí Cúraim Sláinte Pobail an réimse fairsing seirbhísí atá ar fáil i suíomh ospidéil neamh-ghéarmhíochaine, a sholáthraítear a ghaire agus is féidir d’áiteanna cónaithe daoine ag an am ceart, san áit cheart, ag an bhfoireann cheart.

Tá 58 Ionad Cúraim Phríomhúil sa Réigiún agus oibríonn sainfhoirne i Meabhairshláinte, Sláinte agus Folláine, Cúram Sóisialta agus Seirbhísí Míchumais. Cuirtear seirbhísí ar fáil i suíomhanna éagsúla, áit féin an úsáideora seirbhíse, ospidéil lae, aonaid altranais pobail, brúnna, ionaid sainchúraim lae, ionaid oiliúna, cúram faoisimh, agus seirbhísí cónaithe ina measc.

Tá deich n-ospidéal géarmhíochaine sa Réigiún Sláinte seo ina soláthraítear sraith chuimsitheach seirbhísí éigeandála, diagnóiseacha, cóireála agus athshlánúcháin do dhaoine ar fud na gcúig chontae, a dtacaíonn lucht saothair tiomnaithe leo.  Tá dhá cheann de na naoi n-ospidéal Leibhéal 4 sa tír i Réigiún Sláine Bhaile Átha Cliath agus an Oirthuaiscirt.

Tá FSS Bhaile Átha Cliath agus an Oirthuaiscirt tiomanta do chúram den chéad scoth agus do shársheirbhísí cliniciúla a sholáthar le meas agus le hatrua.

Ag teacht aníos go luath – ár ngné ‘Spotsolas ar Réigiúin’.

Our Lady of Lourdes Hospital staff member

Ealaíona agus cultúr

Cathair nua-aimseartha agus ina bhfuil saibhreas cultúir é Baile Átha Cliath a chuireann a chuid cuairteoirí faoi gheasa leis an meascán ar leith traidisiún Gaelach atá ina shochaí nua-aimseartha. Tá na healaíona ina steillbheatha ann freisin, gan amhras. Is féidir leat freastal ar sheó Broadway anseo ag Amharclann Bord Gáis Energy, ar ghig ghlórach bheo lena leithéidí Oasis nó Coldplay ag Páirc an Chrócaigh, nó blaiseadh a fháil de scoth na seónna coiméide Éireannacha agus idirnáisiúnta ag Ionad Shráid an Bhiocáire.

Tá an tOirthuaisceart líon lán freisin le traidisiún saibhir ceoil agus ealaíon agus déantar an tallann áitiúil a chur i láthair in go leor ionaid agus amharclanna áitiúla.

Tá rogha as cuimse áiseanna spóirt den chéad scoth sa cheantar seo, ar léir seo nuair a chuirtear san áireamh an líon mór bonn a bhuaigh lúthchleasaithe ón gceantar d’Fhoireann na hÉireann i gCluichí Oilimpeacha 2024 i bPáras.

visual art

Nascacht

Tá réigiún Bhaile Átha Cliath agus an Oirthuaiscirt ar cheann de na limistéir is inrochtana agus is fearr atá nasctha sa tír.

Is féidir Aerfoirt Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath agus Bhéal Feirste a bhaint amach laistigh d’uair an chloig nó dhó, ag brath ar an áit a bhfuil tú sa réigiún.

Tá bonneagar an-nua-aimseartha mótarbhealaigh sa réigiún inar féidir leat taisteal ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste in achar gearr beagán de bhreis ar 90 nóiméad. Déanann sé ceangal freisin le gréasán forleathan bóithre a fhreastalaíonn ar an tír iomlán.

Tá bealaí iontacha iarnróid agus bus ann ina gcuirtear seirbhísí ar fáil go minic go dtí go leor cinn scríbe.

Jeanie Johnston famine ship, Dublin

Cliceáil ar an nasc thíos le clárú i Mol Gairmeacha Beatha FSS