Foirne Néar‑Athshlánúcháin Pobail

Tá Foirne Néar‑Athshlánúcháin Pobail á gcur ar bun ag FSS le cabhrú le daoine tar éis tinneas nó gortú néareolaíoch tromchúiseach agus é mar aidhm acu torthaí sláinte a fheabhsú, míchumas a laghdú agus cáilíocht na beatha a fheabhsú.

Táimid ag earcú Speisialtóirí Sinsearacha, Speisialtóirí Cliniciúla, Gairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta agus róil eile le haghaidh Foirne Néar‑Athshlánúcháin Pobail in FSS Bhaile Átha Cliath agus Lár na Tíre, FSS an Iardheiscirt, FSS an Iarthair agus an Iarthuaiscirt, FSS Bhaile Átha Cliath agus an Oirdheiscirt.

Cláraigh thíos le fógraí a fháil faoina leithéid de phoist.

Cé a oibríonn ar Fhoireann Néar‑Athshlánúcháin Pobail?

Ar Fhoirne Néar‑Athshlánúcháin Pobail bíonn

– Comhairleoirí sa Leigheas Athshlánúcháin

– Fisiteiripeoirí

– Teiripeoirí Saothair

– Teiripeoirí Urlabhra agus Teanga

– Síceolaithe

– Oibrithe Sóisialta

– Altraí

– Cúntóirí Sláinte agus Cúraim Shóisialta

– Baill Foirne Riaracháin.

Soláthraíonn na foirne dianteiripe do dhaoine ina dteach agus i gclinic.  Fágann sé sin go mbíonn fáil luath ag daoine ar shainseirbhísí Néar‑Athshlánúcháin níos gaire don bhaile. Cuireann an fhoireann seirbhís ar fáil atá dírithe ar an duine agus ar cháilíocht na beatha a fheabhsú, agus oibríonn le chéile le tacú le daoine a bhfuil riachtanais Néar‑Athshlánúcháin acu.

D’fhorbairt phearsanta agus ghairmiúil

Cuireann FSS chun cinn cultúr foghlama agus forbartha ar feadh an tsaoil.

Tacaítear le d’fhorbairt ghairmiúil le saoire staidéir, freastal ar chúrsaí ábhartha, oiliúint ar líne agus acadamh ceannaireachta FSS.

Cuirfear struchtúir oideachais ar bun leis an bhfoghlaim a chur chun cinn ar fud na bhFoirne Néar‑Athshlánúcháin Pobail go léir.

Cuirfear cóitseáil, meantóireacht agus gnóthachtáil feidhmíochta ar fáil le cur ar chumas na mball foirne cur lena gcuid scileanna agus inniúlachtaí agus iad a fhorbairt.

Caithimis 5 nóiméad anois le Fiona Leonard, Fisiteiripeoir Sinsearach ar cheann dár bhfoirne ildisciplíneacha, lena fháil amach cén chaoi a bhfuil ag éirí léi i réimse an Néar‑Athshlánúcháin.

Cláraigh do spéis

Cliceáil anseo agus cláraigh le fógraí a fháil faoi fholúntais in FSS i do cheantar roghnaithe.

Ba cheart duit súil a chaitheamh freisin ar shuíomhanna gréasáin ár n-eagraíochtaí comhpháirtíochta chun teacht ar fholúntais bhreise.

 

Déan teagmháil linn ag workforce.disabilities@hse.ie má theastaíonn aon eolas breise uait.