Ár nDaoine: Foireann Néar‑Athshlánúcháin Pobail

5 Nóiméad le Fiona Leonard, Fisiteiripeoir Sinsearach

Cén chaoi a dtosaíonn do lá?

7:00 r.n. – Tosaíonn an t-aláram ag bualadh! Déanaim cluiche sciobtha Wordle agus Connections, éirím agus cuirim orm mo chuid éadaí. Ithim bricfeasta agus réitím na cailíní le dul ar scoil. Amach liom as an doras faoi 7:50 r.n., mé réidh le tosú ag obair ag a 8 r.n.

Inis dúinn faoin bhfoireann a n-oibríonn tú leo.

Oibríonn ár bhfoireann le daoine atá idir 18-65 bliain d’aois, a bhfuil diagnóis néareolaíoch acu agus a dteastaíonn uathu ar a laghad dhá chineál de na ceithre chineál teiripe a chuirimid ar fáil (Fisiteiripe, Teiripe Shaothair, Teiripe Urlabhra agus Teanga agus Síceolaíocht Chliniciúil). Tá éagsúlacht mhór sna cliaint féin agus sna riachtanais atá acu. D’fhéadfainn a bheith ag obair le duine a bhfuil galar Parkinson nó Scléaróis Iolrach air, nó le duine ar bhuail stróc nó gortú trámach inchinne é le déanaí. Agus níl iontu siúd ach sampla! Tá ár gcuid oibre treoraithe ag an gcliant, dírithe ar spriocanna agus idirdhisciplíneach. Ceann de na rudaí a d’fhéadfadh a bheith sa sceideal ná cruinniú socraithe spriocanna, tráth ar féidir linne mar fhoireann bualadh le teaghlach an chliaint agus leo siúd is gaire dó nó di. Ag brath ar an gcliant agus ar na spriocanna atá aige nó aici, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le cuairteanna baile agus pobail freisin. Is gnách go bhfreastalaíonn cliaint ar roinnt seisiúin teiripe gach seachtain thar thréimhse thart ar 3 mhí, rud a fhágann gur féidir linn aithne cheart a chur orthu agus a fháil amach céard go baileach is tábhachtaí leo. Is iontach an sásamh é a bheith ag obair le cliaint toisc gurb iondúil go bhfuil siad scaoilte ón ospidéal agus beagán níos réidhe le tosú ag obair i dtreo spriocanna níos mó agus filleadh de réir a chéile ar na gníomhaíochtaí a mbaineann siad taitneamh astu.

Céard a tharlaíonn ar ghnáthlá oibre? 

8:00 r.n. – Breathnaím trí mo chuid ríomhphost le tús a chur leis an lá. Déanaim mo dhialann a sheiceáil ansin agus ullmhaím do na cliaint a mbeidh mé ag bualadh leo. Scagadh na n-atreoruithe: bíonn cruinniú foirne againn le breathnú trí na hatreoruithe atá faighte againn agus le hiad a chur i gcomparáid le critéir atreoraithe na bhFoirne Néar‑Athshlánúcháin Pobail. Cuirimid in ord tosaíochta iad agus déanaimid aon obair riaracháin is gá, amhail glao a chur ar dhochtúir teaghlaigh nó ríomhphost/litir a scríobh.

8:45 r.n. – Cuirtear tús leis an obair leis na cliaint féin. Bíonn coinní againn ó thús deireadh an lae de ghnáth.

1 i.n. Lón – Is iondúil go mbíonn lón againn mar fhoireann, rud a thugann an deis dúinn ar fad an scéala is déanaí a fháil i lár lae ghnóthaigh.

1:30 i.n. – Tuilleadh coinní le cliaint agus déanaim plé le glaonna agus obair riaracháin atá fós amuigh. Críochnaímid ag 3:30 i.n nó 3:45 i.n.

Abhaile liom le tús a chur leis an dara jab agam: obair bhaile, dinnéar, obair tí, srl! Bailím na páistí suas ó ghníomhaíochtaí iarscoile. Déanaim iarracht i gcónaí roinnt aclaíochta a dhéanamh – siúl, rith, meáchain. Beagán teilifíse agus leaba faoi 11:30 i.n.