Cáilíochtaí Gairmiúla agus Taithí Má tá suim agat cur isteach ar an bpost mar Chúntóir Cúraim Sláinte (Tacaíocht Bhaile), ní mór an cháilíocht chuí a bheith agat maidir le scileanna sláinte ag leibhéal 5 QQI (FETAC roimhe seo). Is iad na cáilíochtaí cuí ná:

  • Tacaíocht Cúraim Sláinte, Leibhéal 5 QQI
  • Staidéar Altranais, Leibhéal 5 QQI
  • Cúram Pobail, Leibhéal 5 QQI
  • Scileanna Seirbhíse Sláinte, Leibhéal 5 QQI
  • Seirbhísí Sláinte Pobail, Leibhéal 5 QQI

 

*(I gcás mórdhámhachtain QQI/FETAC 5, teastaíonn 120 creidmheas/8 modúl ar a laghad – tabhair do d’aire nach leor Teastas Comhpháirte.) Cáilíocht chuí cúraim sláinte choibhéiseach, nó cáilíocht cúraim sláinte inchomparáide de réir an chur síos i gcreat Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) um NARIC Ireland. A bheith fostaithe faoi láthair mar Chúntóir Cúraim Sláinte (Tacaíocht Bhaile) nó i ról inchomparáide. AGUS  An inniúlacht agus an cumas pearsanta a bheith agat dualgais an róil a chomhlíonadh go cuí.