Is éard is Ortoptach ann ná Gairmí Cúraim Sláinte agus Shóisialta a bhfuil saineolas aige nó aici ar lochtanna gluaiseachta súl agus fadhbanna le radharc déshúileach a mheas, a dhiagnóisiú agus a bhainistiú.
Is féidir dul isteach i ngairm an Ortoptaigh ar roinnt bealaí:
- BSc san Ortoptaic (Onóracha)
- BMedSci san Ortoptaic
- MSc san Ortoptaic
Le bheith i d’ortoptach, ní mór duit céim nó iarchéim a bheith agat san Ortoptaic.
Níl aon chúrsaí ar fáil in Éirinn faoi láthair. Tá cúrsaí céime san Ortoptaic ar fáil sa Ríocht Aontaithe agus i roinnt tíortha Eorpacha eile, ach déan cinnte de go bhfuil siad aitheanta ag Cumann Ortoptaice na Breataine agus na hÉireann (BIOS).
Is é Cumann Ortoptach na hÉireann an comhlacht gairmiúil d’ortoptaigh atá ag obair in Éirinn. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ar an Tairseach Gairmeacha