Is gairmí oilte é paraimhíochaineoir a sholáthraíonn cúram leighis éigeandála do dhaoine atá go dona tinn nó gortaithe, agus is é an phríomhsprioc atá aige ná bail sheasmhach a chur ar an othar sula n-iompraítear chuig an ospidéal é. Tá paraimhíochaineoirí oilte ó thaobh éigeandálaí leighis éagsúla a mheasúnú agus a bhainistiú, cóireáil a chur ar dhuine, agus idirghabhálacha tarrthála a chur ar fáil ar an láthair.
Bealaí iontrála chun cáiliú mar Pharaimhíochaineoir:
- Bunchéim – Baitsiléir Eolaíochta i Staidéar Paraimhíochaine
- Clár Oiliúna FSS do Pharaimhíochaineoirí Faoi Oiliúint
Cuireann an comhlacht rialála, Comhairle um Chúram Éigeandála Réamh-Ospidéil (PHECC), treoir ar fáil ar chúrsaí agus cáilíochtaí aitheanta dóibh siúd ar mian leo gairm a bhaint amach i gcúram éigeandála réamh-ospidéil. Is féidir tuilleadh eolais maidir leis an ngairm bheatha seo a fháil ar Shuíomh Gréasáin na Tairsí Gairmeacha.
Má bhain tú cáilíocht amach mar pharaimhíochaineoir i dtír lasmuigh d’Éirinn, soláthraíonn PHECC faisnéis maidir le conas aitheantas a fháil ar cháilíochtaí ó thíortha thar lear.