Cén tslí le bheith i mo Rialtóir Míochaine Éigeandála?

Bíonn an Rialtóir Míochaine Éigeandála, nó an Freagróir Glaonna Éigeandála mar a thugtar ar an ról uaireanta, ag obair in ionad cumarsáide ceannais agus rialaithe leis an otharcharr éigeandála agus seirbhísí cúraim idirmheánaigh agus céadfhreagróirí a rialú go héifeachtach éifeachtúil d’úsáideoirí na seirbhíse, agus le freastal ar riachtanais chumarsáide na Seirbhíse Sláinte.

Cuirtear oiliúint iomlán ar rialtóirí míochaine éigeandála nuair a thosaíonn siad ar an tseirbhís agus cuireann siad deimhniú speisialaithe i gcrích mar chuid den chlár tosaigh oiliúna 8 seachtaine. Mar chuid den chlár seo bíonn 4 seachtaine de mheantóireacht i gceist nuair a bhíonn an rialtóir míochaine éigeandála ag foghlaim go gníomhach an dóigh le glaonna a fhreagairt i dtimpeallacht bheo, an obair sin á treorú agus á stiúradh ag duine a bhfuil taithí acu sa ról.

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ar Chaighdeáin Oideachais agus Oiliúna ar láithreán gréasáin na Comhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil.

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoin ngairm ar láithreán gréasáin na Seirbhíse Náisiúnta Otharcharranna nó ar Láithreán Gréasáin Thairseach na nGairmeacha.

Do ról le FSS

Is é ról agus cuspóir na Seirbhíse Náisiúnta Otharcharranna ná seirbhís cúraim agus iompair othar réamh-ospidéil a chur ar fáil atá tráthúil agus oiriúnach ó thaobh an chlinic de.

Tá rialtóirí míochaine éigeandála freagrach as glaonna éigeandála a fhreagairt go héifeachtúil agus go héifeachtach agus as glaonna agus iarrataí gaolmhara a bhainistiú d’fhonn riachtanais úsáideoirí na seirbhíse a shásamh go pras agus i gcomhréir leis an gcreatlach de pholasaithe, nósanna imeachta agus treoirlínte. Mar chuid den obair seo, bíonn siad ag obair le glaonna éigeandála 999 réamh-ospidéil ón bpobal a phróiseáil mar aon le haistrithe idir ospidéil, conairí malartacha, atreoruithe ó dhochtúirí agus glaonna ó sheirbhísí éigeandála eile.

Tá ról tábhachtach ag an rialtóir míochaine éigeandála freagra éifeachtach a thabhairt ar éigeandálaí taobh istigh de thacar bunaithe de thréimhsí freagartha de réir táscairí feidhmíochta. Ina theannta sin, beidh ról lárnach aga n rialtóir míochaine éigeandála san oibriú conairí atreoraithe malartacha amach anseo.

Ambulance vehicles

Dul chun cinn gairme

Tá deiseanna éagsúla le hardú céime a bhaint amach sa tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna, cuir i gcás róil Mhaoirseachta agus Bhainistíochta.

Conair forchéimnithe gairme;

  • Rialtóir Míochaine Éigeandála
  • Riarthóir Seachadta Míochaine Éigeandála
  • Riarthóir Seachadta Aeraileighis

Conair na Bainistíochta

  • Maoirseoir Rialaithe
  • Bainisteoir Rialaithe

Conair Oideachais

Tá deiseanna ann i róil oideachais chomh maith.

Oiliúint agus forbairt bhreise

HSeLanD an t-ainm atá ar thairseach FSS ar a bhfuil meascán de dheiseanna oiliúna agus forbartha ar fáil ar líne nó i dtimpeallacht i stíl an tseomra ranga. Is féidir rochtain a fháil ar eolas faoi Oideachas agus Forbairt trí chuairt a thabhairt ar www.hseland.ie Tá treoir ar fáil ar shuíomh gréasáin na

Comhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil chomh maith maidir le hoideachas agus oiliúint; tabhair cuairt ar a suíomh gréasáin chun tuilleadh eolais a fháil.

Samplaí eile de ghníomhaíochtaí forbartha gairmiúla ná deiseanna chun seirbhísí iontacha leabharlainne FSS a úsáid, deiseanna breise oiliúna agus oideachais, deiseanna freastal ar chomhdhálacha, seimineáir ghréasáin agus ceardlanna, próiseas meantóireachta agus maoirseachta, an t-eolas is úire faoin ngairm i nuachtlitreacha speisialaithe, blaganna agus podchraoltaí.

Sochair Foirne agus Teistiméireachtaí

Sochar a bheidh agat agus tú ag obair mar fhostaí in FSS ná go mbeidh tú ag saothrú i ngairm atá fiúntach agus dúshlánach, agus níl ansin ach sochar amháin. Tairgimid pá agus sochair mhealltacha, maoirseacht ghairmiúil, tacaíocht ghairme agus deiseanna forbartha, comhghleacaithe cairdiúla agus caighdeán beatha iontach.

Cliceáil ar an nasc thíos le tuilleadh eolais a fháil ar róil mar Rialtóir Míochaine Éigeandála:

Niamh, Rialtóir Míochaine Éigeandála, an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna

Féach Scálaí pá – Foireann FSS