Sláinte Leanaí Éireann

An Cúram Sláinte Leanaí á Athrú chun Feabhais in Éirinn

Tugtar le chéile i Sláinte Leanaí Éireann (CHI) saineolas ó Ospidéal Chromghlinne, Ospidéal Shráid an Teampaill, Ospidéal Thamhlachta agus Ospidéal Uí Chonghaile chun cúram den scoth a chur ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga.

Beidh ospidéal na leanaí ar champas San Séamas i gcroílár an líonra náisiúnta nua cúraim, é tacaithe ag ionaid satailíte agus réigiúnacha a chuirfidh seirbhísí péidiatracha cuimsitheacha ar fáil freisin. Cuirfidh an tsaoráid úrscothach sin cúram an-speisialaithe agus casta ar fáil ar fud oileán na hÉireann, agus feidhmeoidh ag an am céanna mar ospidéal áitiúil do leanaí i mBaile Átha Cliath, i gCill Mhantáin, i gCill Dara agus i gcodanna den Mhí freisin.

I dteannta dhá ionad satailíte in Ospidéal Ollscoile Thamhlachta agus Ospidéal Uí Chonghaile i mBaile Bhlainséir, tabharfaidh an t-ospidéal nua 39 speisialtacht péidiatracha le chéile faoi aon díon amháin, chomh maith leis an trealamh, na háiseanna agus na córais dhigiteacha is gá le tacú leo. Lárionad oideachais, taighde agus nuálaíochta a bheidh ann freisin.

Young patient in Tallagh Hospital

Athraímis an cúram péidiatrach le chéile

Is é an duine atá i gcroílár gach a ndéanaimidne i Sláinte Leanaí Éireann. Táimid sa tóir ar ghairmithe tiomanta a bhfuil a luachanna maidir le comhbhá, comhoibriú agus dul chun cinn ag teacht lenár luachanna féin.

Cibé acu is cliniceoir, taighdeoir nó saineolaí i ról ríthábhachtach tacaíochta thú, cuirfimid fáilte roimh dhaoine aonair a chaithfidh dúthracht le difríocht a dhéanamh do leanaí, do dhaoine óga agus dá dteaghlaigh.

Mar chuid den líonra náisiúnta cúraim atá againn, beidh an deis agat fás agus foghlaim taobh le speisialtóirí ceannródaíocha, tacaithe ag áiseanna den scoth sna hospidéil, sna hionaid satailíte, agus in ospidéal nua na leanaí.

Bí páirteach in eagraíocht atá ag breathnú chun cinn agus ag athrú seirbhísí péidiatracha chun feabhais, agus bain slí bheatha amach atá idir bhríoch agus fhiúntach ag an am céanna.

Doctor and young patient

Faigh Blaiseadh d'Ospidéal Nua na Leanaí

Thug altraí ó Ospidéal Chromghlinne, Ospidéal Shráid an Teampaill, Ospidéal Thamhlachta agus Ospidéal Uí Chonghaile cuairt le déanaí ar Ospidéal Nua na Leanaí agus é á thógáil.

San fhíseán seo, roinneann siad a dtuairimí ar an obair atá i gceist le heolas, scileanna agus tiomantas ceithre ospidéal a thabhairt le chéile faoi aon díon amháin.

Leagann siad béim ar an gcaoi a mbeidh an tsaoráid shaintógtha úrscothach in ann comhoibriú agus nuálaíocht a chothú d’fhonn an caighdeán cúraim is airde is féidir a chur ar fáil do leanaí na hÉireann.

Le tuilleadh eolais a fháil faoi cén fáth ar chóir duitse teacht linn ar an aistear seo agus céard a chuireann Sláinte Leanaí Éireann ar fáil d’iarrthóirí, téigh chuig chi.jobs.

Déan gaisce inniu…Cláraigh le fógraí poist a fháil gach seachtain agus glac an chéad chéim i dtreo gairm fhiúntach

Deiseanna Poist

Seo do dheis ról lárnach a bheith agat san obair leis an gcúram péidiatrach a athrú ó bhonn in Éirinn.

Tá Sláinte Leanaí Éireann ag earcú baill foirne uaillmhianacha, spreagtha i raon leathan disciplíní chun tacú leis na hospidéil atá againn faoi láthair, leis na hionaid satailíte, agus leis an aistriú chuig ospidéal nua na leanaí ag Ospidéal San Séamas. Beidh an tsaoráid cheannródaíoch dhigiteach seo ina hionad náisiúnta do chúram, oideachas, oiliúint agus taighde péidiatrach speisialaithe.

Beidh níos mó ná ról agat i Sláinte Leanaí Éireann — beidh tú páirteach i bhfoireann thacúil, chomhoibríoch a dhéanfaidh difríocht mhór inniu, ceart go leor, ach a fhágfaidh a lorg ar sheirbhísí péidiatracha ar mhaithe leis na glúnta atá le teacht chomh maith. Tar ag obair linn le barr do chumais agus slí bheatha a bhaint amach.

Féach na deiseanna fostaíochta atá againn , #TarAgObairLeCHI agus lean ar LinkedIn, Instagram nó ar X muid.

Lena chinntiú go mbíonn tú ar an eolas faoi na folúntais go léir, cláraigh le haghaidh fógraí seachtainiúla poist ar Mhol Gairmeacha FSS.