Conas a bhainfidh mé cáilíocht amach mar Theicneoir Leighis Éigeandála?

Tá post an Teicneora Leighis Éigeandála (TLÉ) deartha chun Seirbhís Iompair Othar/Cúraim Idirmheánaigh atá cuimsitheach agus tiomanta a sholáthar laistigh den tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna.

Chun dul leis an ngairm seo, ní mór Cáilíocht Náisiúnta a bhaint amach i dTeicneolaíocht Leighis Éigeandála agus ceadúnas Cleachtóirí TLÉ ón gComhairle um Chúram Éigeandála Réamh-Ospidéil (PHECC) a bheith agat chomh maith.

Tá liosta de na cúrsaí ceadaithe seo ar fáil anseo

Ní mór Láncheadúnas Tiomána – neamhfhormhuinithe – den Aicme C1 a bheith agat chomh maith agus tú ag déanamh iarratais.

Is féidir tuilleadh eolais faoin ngairm seo a fháil ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Náisiúnta Otharcharranna nó is féidir cuairt a thabhairt ar Shuíomh Gréasáin na Tairsí Gairmeacha.

Do ról le FSS

Agus tú cáilithe, ní mór duit clárú leis an gComhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil (PHECC) a bhfuil clár reachtúil á choinneáil aici.

Is é ról agus cuspóir na Seirbhíse Náisiúnta Otharcharranna ná seirbhís cúraim agus iompair othar réamh-ospidéil a chur ar fáil atá tráthúil agus oiriúnach ó thaobh an chlinic de. Cuirtear seirbhísí cúraim éigeandála réamh-ospidéil agus iompair ar fáil mar chuid dhílis de leanúnachas cúraim d’othair/chliaint, agus tá ceanglas ann oibriú i gcomhpháirtíocht le soláthraithe cúraim sláinte eile i Seirbhísí Cúraim Sláinte Sceidealaithe agus Neamhsceidealaithe araon.

Tá post an Teicneora Leighis Éigeandála deartha chun Seirbhís Iompair Othar/Cúraim Idirmheánaigh atá cuimsitheach agus tiomanta a sholáthar laistigh den tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna. Is féidir Teicneoir Leighis Éigeandála a chur amach chuig glaonna éigeandála ar leibhéal níos ísle (glaonna Omega, Alpha, Bravo) chomh maith.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi ról TLÉ ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Náisiúnta Otharcharranna.

Dul chun cinn gairme

Tá deiseanna éagsúla ardú céime laistigh den tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna, lena n-áirítear poist mhaoirseachta agus bainistíochta.

Faoi láthair, is féidir le Teicneoir Leighis Éigeandála (TLÉ) cur isteach ar na róil seo a leanas:

  • Teicneoir Leighis Éigeandála ar Fheithicil Cúraim Idirmheánaigh – Ag soláthar iompair othar agus aistrithe idir áiseanna.
  • Seirbhísí Aisghabhála Cúraim Chriticiúil (CCRS) – Ag cabhrú le haistriú othar atá go dona tinn faoi fhoirne leighis speisialaithe.
  • Bumbleance – Seirbhís Otharcharranna do Leanaí – Seirbhís otharcharranna speisialaithe atá deartha chun a chinntiú go bhfuil turas linbh bhreoite chomh sábháilte, chomh compordach agus chomh siamsúil agus is féidir.

Tá deiseanna ann i róil oideachais (Conair Oideachais) chomh maith sna Gairmeacha Sláinte agus Cúraim Shóisialta ar fad.

Male Ambulance staff member

Oiliúint agus Forbairt Bhreise

Oifig na nGairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta freagrach as Ceannaireacht, Oideachas agus Forbairt Ghairmiúil Leanúnach na ngairmithe sin atá ag obair in FSS.

HSeLanD an t-ainm atá ar thairseach FSS ar a bhfuil meascán de dheiseanna oiliúna agus forbartha ar fáil ar líne nó i dtimpeallacht i stíl an tseomra ranga. Is féidir rochtain a fháil ar eolas faoi Oideachas agus Forbairt trí chuairt a thabhairt ar www.hseland.ie

Tá treoir ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil chomh maith maidir le hoideachas agus oiliúint; tabhair cuairt ar a suíomh gréasáin chun tuilleadh eolais a fháil.

Sochair Foirne agus Teistiméireachtaí

Sochar a bheidh agat agus tú ag obair mar fhostaí in FSS ná go mbeidh tú ag saothrú i ngairm atá fiúntach agus dúshlánach, agus níl ansin ach sochar amháin. Tairgimid pá agus sochair mhealltacha, maoirseacht ghairmiúil, tacaíocht ghairme agus deiseanna forbartha, comhghleacaithe cairdiúla agus caighdeán beatha iontach.

Féach Scálaí pá – Foireann FSS

Beidh teistiméireachtaí ó bhaill foirne againn go luath.