Ár nDaoine i Seirbhísí Radaiteiripe
5 nóiméad i gcuideachta Dearbhla McLoughlin, Speisialtóir Cliniciúil Teiripe Radaíochta
Cén chaoi a dtosaíonn do lá? Mar theiripeoir radaíochta, ról fíorthábhachtach atá san ullmhúchán don lá ionas gur féidir an meaisín a rith go héifeachtúil. Deimhním go ndéantar seiceálacha dearbhaithe cáilíochta ar gach píosa trealaimh sula gcuirimid tús le coinní an lae. Deimhním go ndéantar na seiceálacha ar fad ar othair agus go mbíonn othair nua réidh chun tabhairt faoin gcóireáil. I mo ról mar cheannasaí cóireála, deimhním go bhfuil na baill foirne go léir ar an eolas faoina ról agus a gcúraimí don lá le go mbeimid in ann cóireáil Radaiteiripe a chur ar orthu go slán sábháilte agus go cruinn. Inis dúin faoin bhfoireann a n-oibríonn tú leo. Mar theiripeoir radaíochta, tá mé ag obair ar fhoireann mhór ildisciplíneach i gcomhar le hoinceolaithe, fisiceoirí leighis, innealtóirí, altraí agus gairmithe cúraim sláinte eile d’fhonn cúram cuimsitheach othar a sholáthar. Freastalaím ar chruinnithe d’fhoirne ildisciplíneacha ina bpléimid eolas agus tuairiscí chun dáta ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ag othair ionas go gcuirfear na baill ar fad den fhoireann ar an eolas agus go mbeifear in ann plean cóireála a leasú dá réir. Gné eile den chomhar seo ná go mbíonn plé ann ar roghanna cóireála agus tugaimid aiseolas le go mbainfimid na torthaí is fearr agus is féidir amach do na hothair. Mar theiripeoir radaíochta, oibríonn tú ar neart foirne éagsúla ar aistear cóireála othair – roimh chóireáil, ionsamhlú tomagrafaíoch ríomhairithe, pleanáil agus soláthar na cóireála, mar shampla. Bímid ag obair as lámha a chéile chun an chóireáil agus cúram ardchaighdeáin is fearr agus is féidir a chur ar fáil don othar. Céard a tharlaíonn ar ghnáthlá oibre? Déanaim trealamh radaíochta a oibriú i gcaitheamh am lae. Ceann de na tascanna laethúla ná an t-othar a shocrú gan bhogadh i suíomh ar féidir é a atáirgeadh. Déanfaidh mé athbhreithniú ar íomhánna ar líne agus radaiteiripe shábháilte chruinn a chur ar na hothair. Déanaim athbhreithniú i rith an ama ar othair agus ar an gcaoi a nglacann othair leis an gcóireáil. Oibrím i gcomhar le hoinceolaithe agus baill foirne leighis, obair atá riachtanach i gcúram iomlán an othair. Déanaim taifead de na treoracha agus cuirim in iúl iad go soiléir san fhoireann agus le hothair ionas go gcuirtear cóireáil orthu go cruinn beacht. Deimhním go mbíonn an fhoireann iomlán ar an eolas faoina ról agus cúraimí don lá. Céard a spreagann thú i do chuid oibre? Tá mé spreagtha an t-am ar fad ag na deiseanna go léir atá ann le fás agus forbairt a dhéanamh sa ghairm atá agam. Tá an radaiteiripe ag forbairt an t-am ar fad agus déanaim mo dhícheall chun bheith ar an eolas go luath faoi na forbairtí seo. Bím sa tóir i dtólamh ar bhealaí le dúshlán a chur romham féin agus cur leis an tacar sainscileanna atá agam. Is fearr a bhím in ann é sin a dhéanamh má tá mé ag obair i dtimpeallacht ghasta oibre a bhíonn de shíor ag athrú. Rud eile a bhíonn do mo spreagadh ná an deis chun bheith ag obair le comhghleacaithe cumasacha agus cur le hiarracht foirne chun na teicnící radaiteiripe nua ar fad a chur i bhfeidhm. Céard é an rud is mó a thaitníonn leat faoi do ról? Is maith liom am fiúntach a chaitheamh le hothair ina gcoinne radaiteiripe. Léirím comhbhá leis na hothair agus lena dteaghlach agus tacaíocht dóibh ionas go mbeidh siad ar a gcompord. Is iad na mionrudaí a dhéanann an difear is mó do na hothair seo agus iad ar a mbealach ar thuras de na turais is deacra dá saol. Cén chomhairle a thabharfá do dhuine atá ag smaoineamh ar ghairm bheatha sa Radaiteiripe? Mholfainn don duine taighde ar líne ar na cúrsaí atá ar fáil sa Teiripe Radaíochta. Seo cuid acu:
- Teiripe Radaíochta, B.Sc. ( Radaiteiripe) Céim onóracha baitsiléara (CNC Leibhéal 8) Coláiste na Tríonóide, BÁC
- Teiripe Radaíochta, MSc. (CNC Leibhéal 9), Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
- Radaiteiripe agus Oinceolaíocht, B.Sc. Céim onóracha baitsiléara (CNC Leibhéal 8) Ollscoil Uladh
Mholfainn lá a chaitheamh i rannóg radaiteiripe, áit a bhfaighfear léargas pearsanta ar shaol an teiripeora radaíochta ó lá go lá. Mholfainn na roghanna éagsúla forbartha gairme atá ar fáil sa radaiteiripe a fhiosrú, mar shampla bracaiteiripe, radaiteiripe ÍAM, pleanáil radaiteiripe, SABR. Agus, ar deireadh, labhairt le duine a dhéanann an post cheana féin…