Ár nDaoine i Seirbhísí Radaiteiripe
5 nóiméad i gcuideachta Rachel Welsh, Teiripeoir Radaíochta Sóisearach
Cén chaoi a dtosaíonn do lá? Tosaím ar 8.20am ar ghnáthlá, tagaim isteach agus déanaim seiceálacha na maidine ar an meaisín le bheith cinnte go bhfuil gach rud ag obair i gceart sula tosaímid ar chóireáil a chur ar na hothair. Déanaim sceideal an lae a sheiceáil agus déanaim réidh do na hothair a bheidh ag teacht isteach an lá sin.
Inis dúin faoin bhfoireann a n-oibríonn tú leo. Tá mé ag obair le foireann den scoth a chuir fáilte mhór romham nuair a thosaigh mé anseo i mí Eanáir in 2023. Daoine acmhainneacha dícheallacha iad agus tá an timpeallacht oibre deas réchúiseach agus lán spraoi dá bharr. Bíonn siad ann i gcónaí chun cuidiú agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine eile den fhoireann má bhíonn strus sa rannóg i dtréimhsí áirithe.
Céard a tharlaíonn ar ghnáthlá oibre? Tá mé ag obair ar an aonad Ortavoltais faoi láthair, is le cóireáil ar ailsí craicinn áirithe is mó a bhím ag plé. Buailim leis na hothair faoi mo chúram gach lá fad a mhairfidh an chóireáil agus, in éindí le duine eile den fhoireann, déanaimid iad a shocrú agus cuirimid cóireáil radaíochta orthu. Labhraím leis na hothair faoin gcaoi a bhfuil ag éirí leo leis an gcóireáil agus cuirim comhairle orthu faoi na dóigheanna chun dul i ngleic le fo-iarsmaí má thagann siad chun cinn. Bím ag plé chomh maith le dochtúirí agus altraí sa rannóg lena chinntiú go bhfaigheann na hothair cúram den chaighdeán is airde agus cóireáil á cur orthu faoinár gcúram.
Céard a spreagann thú i do chuid oibre? Rud a spreagann mé ná an dea-thionchar ar na hothair de thairbhe cúram ardchaighdeáin a sholáthar. Má fhaighim aiseolas deimhneach ó othair, spreagann sé sin mé chun leanúint ar aghaidh ionas go dtabharfar tús áite do na hothair gach lá.
Céard é an rud is mó a thaitníonn leat faoi do ról? Is maith liom go bhfeicimid an chuid is mó de na hothair faoinár gcúram gach lá thar thréimhse réasúnta fada. Bíonn deis againn bá a chothú leo, creidim, deis nach mbíonn ag gairmithe eile. Rud an-sásúil ar fad é an deis a thabhairt d’othair a gcúiseanna imní faoi rudaí, fiú rudaí nach mbaineann leis an gcóireáil féin.
Cén chomhairle a thabharfá do dhuine atá ag smaoineamh ar ghairm bheatha sa Radaiteiripe? Más maith leat an nóisean de phost ina mbíonn meascán d’obair theicniúil agus eolaíoch agus cúram othar, d’oirfeadh an ról seo go maith duit. Is féidir obair a dhéanamh i réimsí éagsúla go leor, cuir i gcás pleanáil na cóireála, tomagrafaíocht ríomhairithe, eolas agus tacaíocht, bracaiteiripe agus neart eile. Mar gheall ar an éagsúlacht réimsí seo, ní hionann aon dá lá, agus bíonn deis agat triail a bhaint as réimsí difriúla den chóireáil ailse agus scileanna úra a fhoghlaim i rith an ama.