Cé muid féin

Is fostóir mór le rá in Éirinn í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), a chuireann deiseanna éagsúla gairme ar fáil i réimsí an chúraim sláinte, an riaracháin agus na seirbhísí tacaíochta. Caitheann FSS dúthracht le timpeallacht dhearfach oibre a chothú agus, chuige sin, cuirtear forbairt fostaithe chun cinn trí oiliúint leanúnach, dul chun cinn gairme, agus tionscnaimh cothromaíochta oibre is saoil.

Agus béim á leagan ar ionchuimsiú agus ar fholláine, is mór ag FSS gach a ndéanann an fhoireann le tacú le cultúr comhoibríoch atá dírithe ar chúram ardchaighdeáin a chur ar fáil don phobal. Mar fhostóir mór le rá, cuireann FSS pá agus sochair iomaíocha ar fáil, chomh maith le conair ghairme atá idir dhinimiciúil agus fhiúntach.

Caith súil ar Sheirbhísí FSS agus Cé Muid Féin – breathnaigh ar an bhfíseán le tuilleadh eolais a fháil.

Déan gaisce inniu … Cláraigh le fógraí poist a fháil gach seachtain agus glac an chéad chéim i dtreo gairm fhiúntach le FSS.

Seirbhísí

Cuireann FSS seirbhísí sláinte poiblí agus cúraim shóisialta ar fáil do gach duine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn. Cuirtear ár seirbhísí ar fáil do dhaoine, idir óg agus aosta, in ospidéil, áiseanna sláinte agus pobail ar fud na tíre.

Tá mórchlaochlú ar bun sa chúram sláinte in Éirinn, ó shamhail cúraim a bhí bunaithe ar an ospidéal go cleachtadh ginearálta, cúram príomhúil agus samhail seirbhíse pobalbhunaithe ina dtugtar tús áite don bhaile. Tar linn ar an aistear spreagúil seo.

group of healthcare professionals

Sláintecare

Is é fís Sláintecare d’Éirinn ná córas comhtháite sláinte inar féidir le duine, i rith a shaoil, teacht ar chúram sláinte ardchaighdeáin ó ghairmithe cúraim sláinte a bhfuil meas orthu, cúram atá níos gaire dá mbaile agus taobh istigh d’achar réasúnta ama.

Nuair a bheidh an cur chuige seo leabaithe ina iomláine, beidh conairí comhtháite cúraim lánfhorbartha againn idir na hearnálacha géarchúraim agus pobail, torthaí feabhsaithe d’othair, seirbhís sláinte níos éifeachtúla agus seirbhís níos fearr do na hoibrithe a oibríonn inti.

Nurse speaking with an elderly patient

Réigiúin Sláinte FSS

Cuid mhór d’fhís Sláintecare is ea na Réigiúin Sláinte. Grúpálfar le chéile Ospidéil Ghéarmhíochaine agus Eagraíochtaí Sláinte Pobail i sé réigiún mhóra ar a dtugtar Réigiúin Sláinte. I ngach Réigiún Sláinte, déanfar seirbhísí, acmhainní agus rialachas a chomhordú mórthimpeall ar riachtanais an othair ar fud na suíomhanna cúraim uile.

Sa tsamhail nua chomhtháite chúraim, beidh an Cúram Pobail Feabhsaithe i gcroílár an bhealaigh a gcuirimid cúram sláinte ar fáil. Cabhróidh an cur chun cinn sláinte agus na seirbhísí sláinte poiblí le daoine maireachtáil go folláin ag an mbaile chun tinneas a chosc. Cabhróidh sé seo lenár seirbhísí géarchúraim, ag cur cóir leighis ar dhaoine a bhfuil riachtanais phráinneacha cúraim acu, ag cinntiú go mbeidh an fhanacht is giorra agus is féidir acu san ospidéal chun go dtiocfaidh biseach orthu agus go mbeidh siad in ann dul abhaile.

Health regions