Ár nDaoine in Ospidéal Ollscoile Luimnigh
5 Nóiméad le William Neylon, Fiseolaí Cairdiach
Más spéis leat obair mar Fhiseolaí in UHL, cliceáil anseo.
Is mise William Neylon agus is as Cora Finne, Contae an Chláir dom. Oibrím mar Fhiseolaí Cairdiach sa Rannóg Diagnóisice Cairdiaiche ag Ospidéal Ollscoile Luimnigh (UHL). Rannóg othar seachtrach í seo ina ndéanaimid tástálacha diagnóisice ar an gcroí. Táim ag obair sa rannóg seo ó 2017. Rinne mé Baitsiléir Eolaíochta i dTomhas Cliniciúil in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath in 2015. Nuair nach mbím ag an obair, taitníonn feirmeoireacht agus peil ghaelach agus iománaíocht liom.
Bíonn mo phost an-éagsúil. Eagraímid uainchlár ag deireadh na seachtaine chun go ndéanaimid tástálacha éagsúla gach lá. Is í an éagsúlacht seo a dhéanann an post suimiúil. D’fhéadfadh go mbeinn ag obair i Macalla, áit a ndéanaimid Macallagraim. Ultrafhuaim den chroí é seo ina bhféachaimid ar struchtúr an chroí, ina ndéanaimid na comhlaí, na seoimríní agus feidhm na matán a mheas. Déantar an tástáil seo gach lá ar réimse fairsing othar cónaitheach agus othar seachtrach.
Déanaimid séadairí agus dífhibrileoirí a scrúdú sa chlinic Séadairí. Déanaimid tástálacha struis ar dhaoine freisin, nó cuirimid monatóirí Holter agus brú fola ar dhaoine agus déanaimid anailís ar na torthaí.
Oibrím mar chuid d’fhoireann sa tSaotharlann Chataitéaraithe, áit a ndéanaimid angagraim, gnáthamh diagnóiseach a úsáideann íomhánna X-Gha le blocáil sna fuileadáin a bhrath. Tá cairdeolaithe comhairleacha, cláraitheoirí cairdeolaíochta, altraí agus radagrafaithe san fhoireann seo. Oibríonn an fhoireann seo freisin mar an fhoireann STEMI 24 uair an chloig, áit a ndéanaimid gnáthaimh éigeandála ar dhaoine a gceaptar go bhfuil taom croí orthu.
Tá bród orm obair in áit ina mbainimid torthaí an-dearfacha amach d’othair.
Taitníonn sé go mór liom casadh leis na hothair go léir gach lá. Caithimid a fhaide le 20 nóiméad le hothair, an chuid is mó den am, agus tugann sin an deis duit casadh le go leor daoine gach lá dá bharr. Tá sé an-sásúil casadh le hothair a bhfuil an tsláinte acu arís cúpla mí tar éis gur tháinig siad isteach san aonad mar chás éigeandála STEMI.
Taitníonn éagsúlacht na dtástálacha éagsúla a dhéanaimid liom. Taitníonn sé liom obair mar chuid den fhoireann i ndiagnóisic chairdiach agus sa tsaotharlann chataitéaraithe. Tá sé an-tábhachtach gur féidir le daoine obair go maith mar chuid d’fhoireann, go háirithe do sheirbhís STEMI, chun go mbainfidh othair an toradh is fearr agus is féidir amach. Tá sé chomh tábhachtach céanna, mar sin féin, obair ar bhonn aonair, agus gach tástáil a dhéanamh a fheabhas agus is féidir linn. Taitníonn sé go mór liom obair le gairmithe leighis agus cúraim sláinte eile, cosúil le haltraí, dochtúirí leighis, agus gairmithe cúraim sláinte gaolmhara, ar nós radagrafaithe.
Tá mé ag obair in UHL ó 2017. Ceann de na rudaí is fearr den phost, dar liom féin, ná nuair a thagann foireann nua isteach sa rannóg, agus peirspictíocht úrnua agus díograis agus díocas chun foghlaim acu. Tá sé an-sásúil obair leis an bhfoireann nua seo de réir mar a thagann forbairt ar a scileanna. Tá mic léinn faighte againn ón gcúrsa Eolaíochta Tomhais Chliniciúil in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus le déanaí ón gcúrsa nua i bhFiseolaíocht Tomhais Chliniciúil in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh i Sligeach.
Cad ba mhaith liom tarlú sa rannóg?
Ba mhaith liom go dtiocfadh níos mó fáis ar an rannóg, agus go gcuirfí an tseirbhís ar fáil do níos mó othar agus go gcuirfí leis an réimse tástálacha a dhéanaimid. Beidh níos mó deiseanna ag baill foirne tabhairt faoi fhorbairt ghairmiúil de réir mar a fhásann an rannóg, agus cuirfidh seo feabhas breise ar ár seirbhís, rud atá ina fhorbairt thábhachtach.
Cad ba mhaith liom go dtarlódh sé nó go n-athrófaí é?
Tá foireann bheag ag obair sa Rannóg Diagnóisice Cairdiaiche le roinnt blianta anuas a bhfuil dáimh agus eitic an-mhaith foirne acu le chéile. Ba mhaith liom go gcothófaí agus go neartófaí an eitic foirne seo de réir mar a thagann fairsingiú ar an rannóg agus ar an bhfoireann. Feabhsaíonn timpeallacht shona oibre caighdeáin agus eispéireas na n-othar
An tráth is mó nach ndéanfaidh mé dearmad air
Thug mé faoi scrúdú Bhord Idirnáisiúnta na Scrúdaitheoirí Rithime Croí (IBHRE) in 2019. Teastas gairmiúil é seo a dhéanann scrúdú ar inniúlacht duine maidir le séadairí agus le dífhibrileoirí. Bhí an t-ádh orm gur éirigh liom tabhairt faoin scrúdú seo. Rinne mé go leor staidéir don scrúdú agus bhí áthas an domhain orm nuair a d’éirigh liom ann. Ní éireodh liom murach an t-eolas a bhí ag mo chomhghleacaithe agus an tacaíocht a thug siad dom.