Cad is Teicneolaíocht agus Bunathrú chun Feabhais ann?

Is é Teicneolaíocht agus Bunathrú chun Feabhais (TBF), (rShláinte roimhe seo) an oifig san FSS atá freagrach as teicneolaíocht a sholáthar chun tacú le seirbhísí cúraim sláinte ar fud na hÉireann. Glacaimid chugainn gach teicneolaíocht ghutha, físe agus cumarsáide sonraí agus soláthraímid aon phointe bainistithe lárnach chun crua-earraí, bogearraí, seirbhísí teileachumarsáide, forbairtí TFC agus seirbhísí comhairleacha a cheannach.

TBF freagrach as cur chun feidhme an Chreata Sláinte Digití, as a chinntiú go gcuireann an teicneolaíocht le cúram sláinte ar bhonn éifeachtach agus éifeachtúil fud fad an chórais.

Is é an fhís atá againn ná córas cúraim sláinte atá dírithe ar othair agus nasctha ar bhonn digiteach chun go mbeidh seirbhís sláinte againn a chumhachtaíonn othair.

Cliceáil anseo chun tuilleadh a fháil amach faoi na feidhmeanna atá againn nó cliceáil ar an gcnaipe físe chun teachtaireacht ónár Príomhoifigeach Faisnéise a fheiceáil.

Tá roinnt ról éagsúil le fáil i dTeicneolaíocht agus Bunathrú chun Feabhais

Táimid ar lorg gairmithe díograiseacha, cliniciúil agus neamh-chliniciúil araon, ar mian leo a bheith mar chuid dár misean chun clár oibre an FSS um Shláinte Dhigiteach a éascú.

Ach thú a bheith linn i dTeicneolaíocht agus Bunathrú chun Feabhais, cuirfidh tú le réitigh digiteacha nuálacha a chuirfidh le torthaí sláinte ar fud na hÉireann. Beidh tú ag obair le foirne ildisciplíneacha, ag múnlú thodhchaí an chúraim sláinte agus beidh socruithe solúbtha oibre agus deiseanna forbartha gairme agat laistigh den FSS.

Táimid ag earcú le haghaidh roinnt ról éagsúil i dTeicneolaíocht agus Bunathrú chun Feabhais, ina measc: bainisteoirí tionscadail, cinn theicniúla, anailísithe gnó, agus Gairmithe Cúraim Sláinte agus Sóisialta.

Éistimis lenár bhFoireann

Caithimis 5 nóiméad le cuid dár mbaill foirne go gcloisfimid an méid atá le rá acu faoina n-eispéireas ag obair i dTeicneolaíocht agus Bunathrú chun Feabhais:

Jason Cooney, Oifigeach Cibearshlándála, Príomhoifigeach Slándála Faisnéise

James Hughes, Innealtóir Néalardáin

Barry Crosson, Ailtire Réitigh, Rochtain ar Fhaisnéis

Deiseanna Poist

Ná caill do dheis le bheith ag obair i dTeicneolaíocht agus Bunathrú chun Feabhais.

Tacóidh muid le d’fhorás agus le d’fhorbairt gur féidir leat lán do leasa a bhaint as do chonair ghairme.

Roghnaigh FSS mar áit oibre ina mbeidh meas ort agus ina gcumasófar thú le bheith nuálach, le bheith ag obair i gcomhar le daoine eile agus difríocht shuntasach a dhéanamh don saol.

Féach folúntais anseo

Chun an t-eolas is deireanaí a fháil fúinn agus faoi fholúntais amach anseo lean muid ar agus ar LinkedIn

Cláraigh ar Mhol Gairmeacha FSS le haghaidh fógraí seachtainiúla post lena chinntiú go gcuirfear ar an eolas thú faoi gach folúntas a thiocfaidh chun cinn amach anseo.