Ag smaoineamh ar fhilleadh ar Éirinn le leanúint le do ghairm bheatha sa chúram sláinte? Is maith is eol do FSS gurb iomaí rud a chaithfear a chur sa mheá agus a eagrú, agus ba mhaith linn é a dhéanamh chomh héasca agus is féidir bogadh abhaile.
Tá muidne in FSS ag leanúint orainn ag cruthú agus ag forbairt ionad oibre níos dearfaí agus níos tacúla inar féidir le daoine teacht faoi bhláth i ndáiríre, agus feabhsuithe á ndéanamh againn ar bhonn leanúnach ar fud seirbhísí agus foirne. De réir mar a dhéanaimid dul chun cinn le Sláintecare, bíonn fíordheiseanna ann le bheith páirteach in athrú fiúntach agus do chion féin a dhéanamh ar son an chúraim sláinte sa bhaile.
Sa chuid seo, gheobhaidh tú faisnéis phraiticiúil le tacú leat filleadh ar an bhfód:
• cén chaoi teacht ar do chéad ról eile le FSS;
• sonraí maidir leis an bpacáiste athlonnúcháin atá tarraingteach ó thaobh airgid de;
• treoir ghinearálta maidir le filleadh ar Éirinn, amhail cúrsaí cánach agus socrú isteach arís.
Táimid anseo le cabhrú leat ó thús deireadh d’aistir abhaile.