Treoir maidir le Filleadh ar Éirinn

Ag smaoineamh ar fhilleadh ar Éirinn le leanúint le do ghairm bheatha sa chúram sláinte? Is maith is eol do FSS gurb iomaí rud a chaithfear a chur sa mheá agus a eagrú, agus ba mhaith linn é a dhéanamh chomh héasca agus is féidir bogadh abhaile.

Tá muidne in FSS ag leanúint orainn ag cruthú agus ag forbairt ionad oibre níos dearfaí agus níos tacúla inar féidir le daoine teacht faoi bhláth i ndáiríre, agus feabhsuithe á ndéanamh againn ar bhonn leanúnach ar fud seirbhísí agus foirne. De réir mar a dhéanaimid dul chun cinn le Sláintecare, bíonn fíordheiseanna ann le bheith páirteach in athrú fiúntach agus do chion féin a dhéanamh ar son an chúraim sláinte sa bhaile.

Sa chuid seo, gheobhaidh tú faisnéis phraiticiúil le tacú leat filleadh ar an bhfód:
• cén chaoi teacht ar do chéad ról eile le FSS;
• sonraí maidir leis an bpacáiste athlonnúcháin atá tarraingteach ó thaobh airgid de;
•  treoir ghinearálta maidir le filleadh ar Éirinn, amhail cúrsaí cánach agus socrú isteach arís.

Táimid anseo le cabhrú leat ó thús deireadh d’aistir abhaile.

Cúnamh Airgid

Is féidir leis an gcinneadh le hathlonnú cluaisíní croí a chur ort, ach is mór an dúshlán é ó thaobh airgid de ag an am céanna. Sin é an fáth a gcuirimid Pacáiste Cuimsitheach Athlonnaithe ar fáil d’Earcaigh Idirnáisiúnta / d’Eisimircigh atá ag Filleadh d’fhonn tacú leo bogadh.

Má tá sé i gceist agat athlonnú le dul isteach i bpost buan nó sealadach go ceann dhá bhliain ar a laghad, is féidir leat leas a bhaint as cúnamh airgid:

– Suas le €4,160 d’iarrthóirí atá ag bogadh ó thíortha den AE/ón RA
– Suas le €4,710 d’iarrthóirí atá ag athlonnú ó thíortha lasmuigh den AE

Beidh an tacaíocht sin ina cúnamh agat eitiltí agus costais lóistín a chlúdach ag an tús, agus clúdóimidne costais réamhíoctha eile freisin, amhail táillí clárúcháin ghairmiúil.

Do chéad ról eile le FSS a aimsiú

Tabhair cuairt ar ár leathanach Earcaíocht Ghinearálta le tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseas earcaíochta agus le cur amach a fháil ar na céimeanna atá i gceist.

Féach ar Réigiúin Sláinte FSS le tuilleadh eolais a fháil faoin stíl mhaireachtála, na pobail agus na hospidéil i ngach ceantar — is bealach iontach é le teacht ar an réigiún is fearr leat.

Ag iarraidh do chuid scileanna a fhorbairt nó dul chun cinn a dhéanamh i do ghairm? Féach ar na conairí gairme éagsúla atá i ngach disciplín le hinspreagadh agus treoir a fháil.

Tá ár dtacaíochtaí d’iarrthóirí ann chun cabhrú leat do bhealach a dhéanamh tríd an bpróiseas earcaíochta go muiníneach, lena n-áirítear seimineáir ghréasáin chun cabhrú leat tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-oibríonn painéil.

Agus ná déan dearmad do stádas clárúcháin ghairmiúil a sheiceáil nó athchlárú le do chomhlacht rialála in Éirinn chun an t-aistriú a dhéanamh chomh héasca agus is féidir.

Man being assisted by a health care professional

Nurse with patient

Faisnéis phraiticiúil maidir le filleadh ar Éirinn

Bíonn cúinsí praiticiúla i gceist le filleadh abhaile, agus táimid anseo le cabhrú leat iad a bhainistiú.

Cuirtear ar fáil ar láithreán gréasáin Faisnéis do Shaoránaigh méid iontach faisnéise atá cothrom le dáta maidir le filleadh ar Éirinn, ó shocruithe cánach agus slándála sóisialta go dtí do chéile nó do pháirtí agus do chuid cleithiúnaithe a thabhairt abhaile leat, agus a thuilleadh nach iad.

Tá faisnéis chuimsitheach ag na Coimisinéirí Ioncaim freisin maidir le cúrsaí cánach agus tú ag filleadh ar Éirinn.

seicliosta áisiúil curtha le chéile againn le húsáid agat in éineacht le treoir ó do bhainisteoir earcaíochta agus tú ag filleadh ar phost le FSS.

Déan gaisce inniu … Cláraigh le haghaidh foláirimh phoist sheachtainiúla agus glac an chéad chéim i dtreo filleadh abhaile agus gairm fhiúntach le FSS a thosú.

Faisnéis phraiticiúil maidir le filleadh ar Éirinn

Bíonn cúinsí praiticiúla i gceist le filleadh abhaile, agus táimid anseo le cabhrú leat iad a bhainistiú.

Cuirtear ar fáil ar an láithreán gréasáin Faisnéis do Shaoránaigh méid iontach faisnéise atá cothrom le dáta maidir le filleadh ar Éirinn, ó shocruithe cánach agus slándála sóisialta go dtí do chéile nó do pháirtí agus do chuid cleithiúnaithe a thabhairt abhaile leat, agus a thuilleadh nach iad.

Tá faisnéis chuimsitheach ag na Coimisinéirí Ioncaim freisin maidir le cúrsaí cánach agus tú ag filleadh ar Éirinn.

seicliosta áisiúil curtha le chéile againn le húsáid agat chomh maith le treoir ó do bhainisteoir earcaíochta agus tú ag filleadh ar phost le FSS.

Déan gaisce inniu… Cláraigh le haghaidh foláirimh phoist sheachtainiúla agus glac an chéad chéim i dtreo filleadh abhaile le tús a chur le gairm fhiúntach in FSS.