Dochtúirí

Caithfidh gach dochtúir clárú le Comhairle na nDochtúirí Leighis in Éirinn sular féidir leo obair a dhéanamh in Éirinn. Ag brath ar an áit a bhfuair tú d’oiliúint agus do thaithí, tá bealaí éagsúla ann maidir leis an gcaoi a ndéantar iarratas ar chlárú le Comhairle na nDochtúirí Leighis in Éirinn. Féach www.medicalcouncil.ie chun d’incháilitheacht do chlárúchán a sheiceáil.

Altraí agus cnáimhseacha

Coinníonn Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann (NMBI) Clár na nAltraí agus na gCnáimhseach in Éirinn. Caithfidh gach altra agus cnáimhseach clárú le NMBI sular féidir leo obair a dhéanamh in Éirinn. Féach ar www.nmbi.ie le fáil amach an bhfuil tú incháilithe le bheith i d’altra nó i do chnáimhseach in Éirinn.

Gairmithe sláinte agus cúraim shóisialta

Is é CORU an rialálaí le haghaidh na ngairmithe sláinte agus cúraim shóisialta. Más duine de cheann de na gairmeacha seo a leanas, ní mór duit clárú le CORU: Diaitéitigh, Radharceolaithe Dáiliúcháin, Eolaithe Leighis, Teiripeoirí Saothair, Optaiméadraithe, Teiripeoirí Fisiceacha, Fisiteiripeoirí, Cosiatraithe, Radagrafaithe / Teiripeoirí Radaíochta, Oibrithe Sóisialta, Teiripeoirí Urlabhra agus Teanga. Méadóidh an liosta gairmeacha seo arna rialú ag CORU le himeacht ama. Féach www.coru.ie chun tuilleadh eolais a fháil.

Comhlachtaí gairmiúla

Tá roinnt gairmeacha eile á rialú ag a gcomhlachtaí gairmiúla féin. Mar shampla: Fiaclóirí – Comhairle Fiaclóireachta na hÉireann www.dentalcouncil.ie Cógaiseoirí – Cumann Cógaiseoirí na hÉireann www.thepsi.ie Síceolaithe – Cumann Síceolaíochta na hÉireann www.psychologicalsociety.ie Comhairleoireacht agus Síciteiripe – Cumann na hÉireann um Chomhairleoireacht agus Síciteiripe (IACP) www.iacp.ie agus Comhairle Síciteiripe na hÉireann (ICP)  www.psychotherapycouncil.ie Ortoptaic – Cumann Ortoptach na hÉireann www.orthoptics.ie